Mar gheall ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC)
Réamhrá gearr
Moladh Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí, an CNC, in Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999 agus seoladh é sa bhliain 2003. Córas deich leibhéal atá ann a chomhshnaidhmeann dámhachtainí ar son gach cineál foghlama, beag beann ar cá fhaightear iad.
Tá dámhachtainí scoile, breisoideachais (dámhachtainí FETAC) agus ardoideachais (dámhachtainí DIT, ollscoile agus HETAC) ar fad san áireamh. Mar shampla tá an Ardteistiméireacht ag Leibhéal 3, cáilíochtaí printíseachta ag Leibhéal 6, an Chéim Bhaitsiléara Onóracha ag Leibhéal 8 agus Céim Dochtúra ag Leibhéal 10.
Tá cáilíochtaí nua tugtha isteach i gcóras oideachais agus oiliúna na hÉireann ag CNC, mar an tArdteastas ag Leibhéal 6 agus an Gnáthchéim Bhaitsiléara ag Leibhéal 7. Tá claochlú déanta aige ar bhreisoideachas trí cháilíochtaí Leibhéil 1-6 a fhorbairt.
Seachas na mórcáilíochtaí seo, aithníonn an CNC míreanna oideachais agus oiliúna is lú ná iad le miondámhachtainí, dámhachtainí forlíontacha agus dámhachtainí sainchuspóra.
Soláthraíonn CNC, trína dheich leibhéal, bealach chun cáilíochtaí oideachais agus oiliúna náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile. Cabhraíonn sé le foghlaimeoirí a gcuid oideachais agus oiliúna a phleanáil agus le fostóirí na cáilíochtaí atá uathu a shainaithint.
Féach an Creatoibre á Chur i nGníomh do mhioneolas ar struchtúr CNC, lena n-áirítear a dheich gcinn de leibhéil, na comhlachtaí dámhachtana dearbhú cáilíochta agus toisí Eorpacha agus idirnáisiúnta CNC.
Nóta i dtaobh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann
Gníomhaireacht de chuid an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta is ea Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann a bunaíodh trí Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999. Tá cúram air maidir le CNC a fhorbairt agus a chothabháil.
Tá cúram air chomh maith teacht níos leithne ar oideachas agus oiliúint agus céimniú ó cháilíocht amháin go cáilíocht eile a chur chun cinn agus a éascú trí CNC.





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.