Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú
Is é Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí an t-aon mhodh aitheantais anois le haghaidh gach cineál oideachais agus oiliúna in Éirinn. Ceann de phríomhchuspóirí an Chreata Oibre is ea é solúbthacht a sholáthar d'fhoghlaimeoirí chun gur féidir leo glacadh le deiseanna oideachais agus oiliúna tráth ar bith dá saol. Ba cheart go n-oirfeadh na deiseanna d’uaillmhianacha, do thiomantas agus do chumais an duine agus ba cheart go bhfaigheadh an duine aitheantas cuí do na cáilíochtaí a ghnóthaíonn siad. ‘Foghlaim ar feadh an tsaoil’ a thugtair air so uaireanta. Tá beartais éagsúla curtha i bhfeidhm ag an Údarás chun cuidiú le baint amach sochaí fhoghlaim ar feadh an tsaoil in Éirinn. Baineann na beartais seo le rochtain ar chláir oideachais agus oiliúna, aistriú idir chláir oideachais agus forchéimniú ó chlár amháin go clár eile ag leibhéal níos airde ar CNC. Rochtain, Aistriú agus Forchéimiú a thugtar ar na beartais seo i dteannta a chéile.
Sainmhínithe ar Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú
Seo mar a shainmhíonn Acht na gCáílíochtaí rochtain, aistriú agus forchéimniú:
Rochtain: ciallaíonn rochtain iontráil a fháil ar agus rannpháirtíocht in institiúídí oideachais agus oiliúna nó i gcláir. In imthosca ar leith ní mór critéir áirithe a chomhlíonadh sula ndeonaítear rochtain. Ar shamplaí de chritéir a d’fhéadfadh a bheith ann, tá riachtanas le haghaidh cáilíocht (dámhachtain) ar leith, leibhéal oideachais, scileanna nó taithí oibre srl. arna leagan síos ag comhlacht dámhachtana.
Aistriú: an próiseas faoinar ceadmhach d'fhoghlaimeoirí aistriú ó chlár amháin oideachais agus oiliúna go clár eile tar éis aitheantas a fháil don eolas, scil nó inniúlacht a gnóthaíodh.
Forchéimniú: an próiseas faoinar ceadmhach d’fhoghlaimeoirí aistriú ó chlár amháin oideachais agus oiliúna go clár eile mar ar clár ar leibhéal acadúil níos airde é gach clár ná an ceann a chuaigh roimhe.
Aitheantas d’Fhoghlaim Roimh Ré
Sainmhínítear Aitheantas d’Fhoghlaim Roimh Ré (RPL) mar ‘próiseas faoina mbronntar luach ar fhoghlaim roimh ré'. Bealach is ea RPL don duine cur leis an méid a foghlaimíodh cheana agus luach saothair foirmiúil a fháil don fhoghlaim. Ciallaíonn foghlaim roimh ré ‘foghlaim a gnóthaíodh ar bhealaí foirmeálta, neamhfhoirmeálta agus mífhoirmeálta’, mar shampla, d’fhéadfaí í a ghnóthú ó fhreastal ar chlár foirmeáilta oideachais agus oiliúna, ar láthair poist nó fad a bhí duine i mbun gníomhaíochtaí deonacha sa phobal.
Is é beartas an Údaráis forbairt próiseas a thabharfaidh aitheantas d'fhoghlaim roimh ré a mhisniú agus a thacú. Is féidir na beartais seo a fhorbairt ag comhlachtaí dámhachtana, m.sh. FETAC nó HETAC nó d'fhéadfadh sé gur tionscnaimh RPL iad a chuirtear i bhfeidhm ag soláthraithe oideachais agus oiliúina. De ghnáth, is féidir RPL a thabhairt d’fhoghlaimeoir chun críocha
- iontráil ar chlár as a leanann dámhachtain
- creidmheas le haghaidh dámhachtana nó díolúine ó riachtanais éigin cláir
- cáilitheacht le haghaidh dámhachtain iomlán
Gheofar príomhfhreagrachtaí an Údaráis, na gcomhlachtaí dámhachtana agus soláthraithe oideachais agus oiliúna sna Prionsabail agus Treoirlínte Oibriúcháin le haghaidh Aithint na Foghlama Roimh Ré ag http://www.nqai.ie/publications_by_topic.html#rpl
Bíodh is go bhfuil ról foriomlán ag an Údarás maidir le forbairt beartais maidir le rochtain, aistriú agus forchéimniú, is iad na Comhairlí (FETAC agus HETAC) agus soláthraithe i gcoitinne a chuireann socruithe um rochtain, aistriú agus forchéimniú agus RPL i bhfeidhm.
An Chomhairle Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC)
Mí Aibreán 2005, d’aontaigh FETAC beartas maidir le haitheantas d'fhoghlaim roimh ré. Ó 2006, baineann sé seo le gach soláthraí atá cláraithe leis. Gheofar sonraí breise ar http://www.fetac.ie/rpl/Default.htm
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC)
Sa bhliain 2001, d’aontaigh HETAC a bheartas maidir le Foghlaim ó Thaithí Roimh Ré. Lena chois sin, soláthraíonn HETAC rochtain dhíreach ar a dhámhachtainí ar bhonn aitheantas d'fhoghlaim roimh ré. Gheofar eolas breise ar http://www.hetac.ie/publications.cfm?sID=48





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.