Comhlachtaí Dámhachtana
Comhlachtaí Dámhachtana Náisiúnta
Comhlacht náisiúnta is ea comhlacht dámhachtana a bhfuil sé de chumhacht aige cáilíocht a bhronnadh ort mar aitheantas ar do chuid foghlama. Tá sé cinn de chomhlachtaí dámhachtana náisiúnta ann a bhfuil a ndámhachtainí san áireamh sa Chreatoibre. Tá dámhachtainí roinnt comhlachtaí dámhachtana eile ar nós comhlachtaí gairmiúla nó comhlachtaí dámhachtana de chuid na RA san áireamh i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí chomh maith.
Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC)
Déanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit dámhachtainí scoile. Ar na dámhachtainí a dhéantar i láthair na huaire tá an Teastas Sóisearach ag leibhéal 3 den Chreatoibre agus an Ardteistiméireacht ag leibhéil 4 agus 5 den Chreatoibre.
Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna
Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) an comhlacht dámhachtana náisiúnta le haghaidh an bhreisoideachais agus na hoiliúna. Cuimsíonn an Creatoibre a dámhachtainí ag Leibhéil 1 go 6.
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna
Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (FETAC) an comhlacht dámhachtana náisiúnta le haghaidh an bhreisoideachais agus na hoiliúna. Cuimsíonn an Creatoibre a dámhachtainí ag Leibhéil 6 go 10.
Institiúidí Teicneolaíochta
Déanann Institiúidí Teicneolaíochta a ndámhachtainí féin ag leibhéil sonraithe faoi údarás tarmligthe ó HETAC.
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Gheofar na dámhachtainí a dhéanann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ag leibhéil 6-10 den Chreatoibre.
Ollscoileanna
Tá ocht n-ollscoil in Éirinn; is iad sin:
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU); Gaillimh (NUIG); Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad; Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath (TCD); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC); An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD); Ollscoil Luimní (UL).
Déanann Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (NUI) dámhachtainí go díreach sna coláiste a aithníonn sé: Institiúid an Riaracháin Phoiblíi (IPA); Coláiste Rióga na Máinlianna in Éirinn (RCSI); An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh (NCAD); Institiúid Bhaile an Mhuilinn; agus Coláiste Bainistíochta Ostán na Sionainne.





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.