Leibhéil an Chreata Oibre & Cineálacha Dámhachtainí
Leibhéil an Chreata Oibre
Leibhéil
Córas deich leibhéal is ea Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC). Tá gach leibhéal bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta a aontaítear go náisiúnta, is é sin, an méid nach mór a bheith ar eolas ag duine, an méid nár mhór dóibh a thuiscint agus a bheith in ann a dhéanamh tar éis próiseas foghlama a thabhairt chun críche. Aithníonn sé tríd an gcreat oibre foghlaim ó na céimeanna tosaigh go dtí na céimeanna is airde agus féadfar gach foghlaim mar í a ghnóthú i scoileana nó i gcoláistí, ag an obair nó ag an mbaile nó sa phobal.
Aicme Dámhachtana
Chomh maith leis an struchtúr deich leibhéal seo, tá aicmí nó catagóirí difriúla dámhachtainí eile san áireamh sa Chreatoibre. Ní hionann iad mar léiríonn siad meascán d'eolas, scile agus inniúlachta. Tugann seo saoirse don fhoghlaimeoir a gcáilíochtaí a charnadh ar bhealach a oireann dóibh féin.
Ceithre chatagóir de chineálacha dámhachtainí atá ann:
- An príomhaicme dámhachtana a dhéantar ag leibhéal is ea Mórdhámhachtainí. Seans go bhfuil cur amach ar chuid díobh seo, mar shampla an Ardteistiméireacht, an Ardteastas nó an Céim Bhaitsiléara Onóracha. Tá sé cinn déag de mhórdhámhachtainí sa Chreatoibre agus tá siad le feiceáil sa léaráid 'feain'.
- Soláthraíonn miondámhachtainí aitheantas d’fhoghlaimeoirí a ghnóthaíonn raon torthaí foghlama nach iad an cumasc ar leith de thorthaí foghlama a theastaíonn le haghaidh mórdhámhachtain. Ar an gcaoi seo is féidir le foghlaimeoirí aonaid foghlama a charnadh ar a luas féin de réir mar a oireann dóibh féin.
- Bronntar dámhachtainí sainchuspóra ar chúiseanna an-sonracha. Sampa de dhámhachtain sainchuspóra is ea Tiomáint – Earraí Troma Righin.
- Bronntar dámhachtainí forlíontacha i gcás foghlama atá de bhreis ar dhámhachtain roimhe sin. D’fhéadfadh, mar shampla, go mbainfidís le eolas nó scileanna a nuashonrú nó a athnuachan, nó le forbairt ghairmiúil leanúnach.
Teastas Leibhéal 1
- Céard é seo?
Tá Teastais Leibhéal 1 comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla – i mbunlitearthacht agus i mbunuimhearthacht go minic.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain Leibhéal 1 is ea an Teastas Leibhéal 1 i gCumarsáid (mór).
- Comhlacht Dámhachtana
Is í FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Siar go Barr
Teastas Leibhéal 2
- Céard é seo?
Tá Teastais Leibhéal 2 comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla – i mbunlitearthacht agus i mbunuimhearthacht go minic.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain Leibhéal 2 is ea an Teastas Leibhéal 2 i bhFoghlaim Ghinearálta.
- Comhlacht Dámhachtana
Is í FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Siar go Barr
Teastas Leibhéal 3
- Céard é seo?
Chumasaíonn Teastas Leibhéal 3 d’fhoghlaimeoirí aitheantas a ghnóthú as scileanna sonracha pearsanta, scileanna praiticiúla, agus eolas.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain ag Leibhéal 3 is ea an Teastas i Scileanna Méarchláir agus Ríomhaireachta (mór).
- Comhlacht Dámhachtana
Is í FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Siar go Barr
Leibhéal 3 Teastas Sóisearach
- Céard é seo?
Dámhachtain is ea an Teastas Sóisearach a thugtar do dhaltaí tar éis dóibh scrúduithe ón tsraith shóisearach a dhéanamh. Is ionann an tsraith shóisearach agus céad trí bliana an mheánoideachais.
- Sampla
An Teastas Sóisearach
- Comhlacht Dámhachtana
Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo
Siar go Barr
Teastas Leibhéal 4
- Céard é seo?
Ofrálann Teastas Leibhéal 4 aitheantas d’fhoghlaimeoirí as scileanna gairmoideachais agus pearsanta. Féadfaidh forchéimniú go clár as a gheofar Teastas Leibhéal 5 agus fostaíocht ag túsleibhéal gairmoideachais a bheith mar thoradh ar an dámhachtain seo.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain ag Leibhéal 4 is ea an Teastas i nDíolacháin Chógaslainne (mór).
- Comhlacht Dámhachtana
Is í FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Siar go Barr
Leibhéal 4/5 Ardteistiméireacht
- Céard é seo?
Láithrítear an Ardteistiméireacht agus a chláir éagsúla ag Leibhéil 4 agus 5. Is é an cúrsa deiridh i gcóras meánoideachais na hÉireann. Tógann sé dhá bhliain ullmhúcháin ar a laghad, ach ciallaíonn an Idirbhliain roghnach go dtógann sé trí bliana ar dhaltaí áirithe i ndiaidh Scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Féadfaidh forchéimniú go clár as a leanfaidh dámhachtain breisoideachais agus oiliúna ag Leibhéal nó níos airde nó chuig dámhachtain ardoidechais agus oiliúna ag Leibhéal 6 nó níos airde a bheith mar thoradh ar an dámhachtain seo.
- Sampla
An Ardteistiméireacht
- Comhlacht Dámhachtana
Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Teastas Leibhéal 5
- Céard é seo?
Le Teastas Leibhéal 5 féadfaidh foghlaimeoirí raon leathan scileanna a fhorbairt, ar scileanna sainghairme iad agus a éilíonn tuiscint ghinearálta ar an ábhar. Faigheann formhór na sealbhóirí teastas/modúl ag Leibhéal 5 poist. Comhlíonann sealbhóirí teastas ag an leibhéal seo na híosriachtanais iontrála i gcás raon clár ardoideachais.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain Leibhéal 5 is ea an Teastas Leibhéal 5 in Oibríochtaí Bialainne (mór).
- Comhlacht Dámhachtana
Is í FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Leibhéal 6 Ardteastas
- Céard é seo?
Le hArdteastas is féidir scileanna éagsúla a fhorbairt a d'fhéadfadh a bheith sainiúil do ghairmeacha agus/nó de nadúr ginearálta maoirseachta. Faigheann formhór sealbhóirí Teastas 6 poist. Féadfaidh sealbhóir teastais ag an leibhéal seo aistriú chuig clár a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile den Chreatoibre.
- Sampla
Sampla de dhámhachtainí ag Leibhéal 6 is ea an tArdteastas Ceardaíochta-Leictrigh.
- Comhlacht Dámhachtana
Is í FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) an comhlacht dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Siar go Barr
Leibhéal 6 Ardteastas
- Céard é seo?
Bronntar an tArdteastas de ghnáth tar éis clár dhá bhliain a chríochnú in institiúid aitheanta ardoideachais. Féadfaidh sealbhóir teastais ag an leibhéal seo aistriú go clár ar an gcéad leibhéal eile den Chreatoibre.
- Sampla
Sampla de dhámhachtainí ag Leibhéal 6 Ardteastas is ea Teastas i Staidéar Gnó.
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Siar go Barr
Leibhéal 7 Gnáthchéim Bhaitsiléara
- Céard é seo?
Is gnáthach an Gnáthchéim Bhaitsiléara a bhronnadh tar éis clár trí bliana a thabhairt chun críche in institiúid aitheanta ardoideachais. Ar na bealaí forchéimnithe tá Céim Bhaitsiléara Onóracha nó forchéimniú chuig Ardteastas.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain ag Leibhéal 7 is ea Céim Bhaitsiléara i mBainistíocht Daonacmhainní.
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Leibhéal 8 Céim Bhaitsiléara Onóracha
- Céard é seo?
Is gnáthach Céim Bhaitsiléara Onóracha a bhronnadh tar éis clár trí nó ceithre bliana a thabhairt chun críche in institiúid aitheanta ardoideachais. Ar na bealaí forchéimnithe agus na bealaí aistrithe tá aistriú chuig clár as a leanann Ard-Dioplóma/Máistreacht/Dioplóma Iarchéime nó i gcásanna áirithe Céim Dochtúireachta.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain ag Leibhéal 8 is ea Céim Bhaitsiléara Onóracha i Staidéar Gnó.
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Leibhéal 8 Ard-Dioplóma
- Céard é seo?
Is gnáthach an tArd-Dioplóma a bhronnadh tar éis clár bliana a thabhairt chun críche in institiúid aithenta ardoideachais. Go tipiciúil is iad sealbhóirí Céimeanna Baitsiléara Onóracha a théann isteach i gclár as a leanann Ard-Dioplóma ach féadfaidh sealbhóirí Gnáthchéimeanna Baitsiléara áit a fháil chomh maith. Ar an bealaí forchéimnithe agus na bealaí aistrithe tá aistriú chuig cláir as a leanfaidh Ard-Dioplóma/Máistreachta/Dioplóma Iarchéime nó i gcásanna áirithe Céim Dochtúireachta.
- Sampla
Sampla de dhámhachtain ag Leibhéal 8 Ard-Dioplóma is ea Ard-Dioplóma i mBainistíocht.
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Leibhéal 9 Máistreacht
- Céard é seo?
Tá dhá chineál Máistreachta ar fáil in Éirinn, Máistreacht mhúinte agus Máistreacht taighde. Bronntar an Mháistreacht mhúinte i ndaidh clár bliana nó dhá bhliain a thabhairt chun críche. Is gnáthach gur sealbhóirí Céimeanna Baitsiléara Onóracha a fhaigheann áit ar chlár as a leanann Máistreacht ach i gcásanna áirithe tugtar áiteanna dóibh siúd a bhfuil Gnáthchéim Bhaitsiléara acu. Ar na bealaí forchéimnithe agus aistrithe tá forchéimniú go cláir as a leanann Céimeanna Dochtúireachta nó chuig Máistreacht eile nó Dioplóma Iarchéime.
- Sampla
Sampla de Mháistreacht ag Leibhéal 9 is ea Máistreacht i Síciteiripe Síocanailíseach.
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Leibhéal 9 Dioplóma Iarchéime
- Céard é seo?
Is gnáthach an Dioplóma Iarchéime a bhronnadh tar éis clár bliana a thabhairt chun críche in institiúid aitheanta ardoideachais. Go tipiciúil is iad sealbhóirí Céimeanna Baitsiléara Onóracha a fhaigheann áit ar chlár as a leanann Dioplóma Iarchéime ach féadfaidh sealbhóirí Gnáthchéimeanna Baitsiléara áit a fháil chomh maith. Ar na bealaí forchéimnithe agus aistrithe tá díolúine ó chlár as a leanann Máistreacht.
- Sampla
Sampla de dhioplóma iarchéime Leibhéal 9 is ea an Dioplóma Iarchéime i mBainistíocht Daonacmhainní.
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Leibhéal 10 Céim Dochtúireachta
- Céard é seo?
Go tipiciúil is ea sealbhóirí Céimeanna Bailtsiléara Onóracha a fhaigheann áit ar chlár as a leanann Dochtúireacht. An tsamhail ghinearálta ná go dtosaíonn sealbhóir Céim Bhaitsiléara Onóracha ag a bhfuil aicmíocht ard ar chlár taighde Máistreachta, agus go n-aistríonn an duine sin chuig clár Dochtúireachta tar éis bliana. Tá samhlacha éagsúla den Dochtúireacht ar fáil anois, sa raon ó dhochtúireacht traidisiúnta taighde go cláir dochtúireachta gairmiúla agus cleachtóra a bhfuil comhpháirteanna substaintiúla múinte iontu.
- Sampla
Dochtúireacht sa Diagacht
- Comhlacht Dámhachtana
Is iad Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta (IOT) a bhfuil údarás tarmligthe acu na comhlachtaí dámhachtana le haghaidh na dámhachtana seo.
Tugadh Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí isteach sa bhliain 2003 mar chóras deich leibhéal. Tá gach cineál foghlama le fáil sna 10 leibhéal, ó na céimeanna tosaigh go dtí na céimeanna is airde. Léiríonn an 'léaráid feain'
na deich leibhéal agus na cineálacha Mórdhámhachtainí atá san áireamh ann.
Cineálacha Dámhachtainí
Toisc gur dearadh an Creatoibre chun aitheantas a thabhairt do phacáistí móra agus beaga foghlama araon, b’éigean a chinntiú gur dearadh breis is cineál dámhachtana amháin. Tá ceithre chineál dámhachtana sa Chreatoibre, is iad sin:
- Mórdhámhachtainí: an príomhaicme dámhachtana a dhéantar ag leibhéal
- Miondámhachtainí: as na torthaí le haghaidh Mórdhámhachtain a chríochnú go páirteach
- Dámhachtainí Forlíontacha: le haghaidh foghlaim atá mar bhreis ar Mhórdhámhachtain
- Dámhachtainí Sainchuspóra: le haghaidh gnóthachtáil atá measartha cúng nó sainiúil ó thaobh cuspóra
Cliceáil anseo chun foilseacháin maidir le Tuairisceoirí Cineálacha Dámhachtainí a fheiceáil.





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.