Mar gheall ar an gCreatoibre
Seoladh Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (an Creatoibre) sa bhliain 2003. Is é anois an t-aon modh aitheantais don oideachas agus don oiliúint in Éirinn. Chífidh tú go bhfuil Leibhéal (1-10), a insíonn duit cad é caighdeán na foghlama, agus Cineál Dámhachtana, a insíonn duit cén cuspóir, cén méid creidiúintí agus cé na deiseanna forchéimnithe a ghabhann le dámhachtain ar leith ag gabháil le gach dámhachtain anois ar an gCreatoibre. Cabhróidh an forbhreathnú seo a leanas ar phríomhchoincheapanna an Chreata Oibre leat tuiscint a fháil ar phríomghnéithe an Chreata Oibre ionas gur féidir leat deiseanna oideachais agus oiliúna a mheasúnú agus pleanáil faoi choinne do chuid riachtanas oideachais agus oiliúna féin.
Leibhéil an Chreata Oibre & Cineálacha Dámhachtainí
Córas deich leibhéal is ea Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (an Creatoibre) a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chóras cáilíochtaí na hÉireann.
Cabhróidh an ‘léaráid feain’ chun leibhéil an Chreata Oibre a mhíniú. Tá gach leibhéal bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta a aontaítear go náisiúnta, is é sin, an t-eolas, an tuiscint and cumas a bheadh ag duine tar éis próiseas foghlama a thabhairt chun críche. Gheofar sa roinn seo eolas ar gach leibhéal agus eolas ar na cineálacha dámhachtainí.
Comhlachtaí Dámhachtana
Comhlacht náisiúnta is ea comhlacht dámhachtana a bhfuil sé de chumhacht dlíthiúil aige cáilíocht a bhronnadh mar aitheantas ar fhoghlaim. Aithníonn an roinn seo comhlachtaí a bhfuil a gcáilíochtaí sa Chreatoibre.
Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú
Príomh-mhír den Chreatoibre is ea é feabhas a chur ar rochtain (iontráil) ar oideachas agus oiliúint, aistriú laistigh de agus idir oideachas agus oiliúint agus forchéimniú laistigh de agus idir oideachas agus oiliúint.
Dámhachtainí Comhlachtaí Gairmiúla
Tá beartais curtha i bhfeidhm ag Údarás na gCáilíochtaí chun gur féidir aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí gairmiúla sa Chreatoibre.
Dearbhú Cáilíochta
Cuid lárnach d’aithint aon cháilíochta tríd an gCreatoibre is ea Dearbhú Cáilíochta. Gheofar anseo mionchur síos ar fheidhmeanna dearbhaithe cáilíochta na gComhairlí Dámhachtainí (.i. FETAC agus HETAC), DIT agus na n-ollscoileanna. Gheofar mionchur síos chomh maith ar ról Údarás na gCáilíochtaí, maidir le hathbhreithniú ar na Comhairlí Dámhachtana agus ar DIT.
Aitheantas do Cháilíochtaí Idirnáisiúnta
Sholáthair tabhairt isteach an Chreatoibre uirlis le gur féidir cáilíochtaí a gnóthaíodh laistigh den Stát a aithint. Soláthraíonn Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann seirbhís ar a dtugtar Aithint Cailíochtaí, a thugann bealach d'fhostóirí agus d'earcaitheoirí cáilíochtaí eachtrannacha a chur i gcomparáid le cáilíochtaí sa chóras Éireannach. Seirbhís chomhairleach saor in aisce í seo a chabhraíonn chun cáilitheacht cáilíochtaí a chinneadh chun críocha fostaíochta.
An Comhthéacs Idirnáisiúnta
Tá an Creatoibre, bíodh is gur forbairt náisiúnta é, nasctha chomh maith le tionscnaimh chomhchosúla atá ar bun i dtíortha eile agus ar leibhéal foriomlán Eorpach. Gheofar sa roinn seo forbhreathhú ar Chreat Cáilíochtaí Bologna, ar an Creatoibre Eorpach Cáilíochtaí agus ar an tslí a fhéachann Europass le soghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe ar fud na hEorpa a mhéadú.



