An Comhthéacs Idirnáisiúnta
Cuireann Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí an foghlaimeoir i gceartlár an chórais oideachais agus oiliúna in Éirinn. Tá forbairtí den chineál céanna ar siúl i móran tíortha eile, san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá tábhacht leis an gCreatoibre d'fhoghlaimeoirí, do sholáthraithe agus d'fhostóirí sa chomhthéacs idirnáisiúnta seo. Aithníthear cáilíochtaí (dámhachtainí) atá sa Chreatoibre in Éirinn agus thar lear.
Buntáistí an Chreata Oibre
Tá buntáistí ag daoine aonair a bhfuil cáilíochtaí acu a aithnítear tríd an gCreatoibre más mian leo dul thar lear ar mhaithe le tuilleadh staidéir a dhéanamh nó post a fháil. Aithnítear gach cáilíocht san NFQ sa bhaile agus thar lear.
Tá buntáistí ann chomh maith do sholáthraithe a thairgeann cláir (cúrsaí) as a leanann cáilíochtaí a aithnítear tríd an gCreatoibre.
Féadfaidh fostóirí, in Éirinn agus thar lear, oibrithe a earcú as grúpa níos mó d’fhostaithe féideartha nuair is féidir a gcáilíochtaí a thuiscint.
Cáilíochtaí dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de is ea na cáilíochtaí a aithnítear trí Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Ciallaíonn sin go n-athbhreithnítear go rialta an clár as a leanann an cháilíocht agus an institiúid a chuireann an clár ar fáil. Ceapadh dearbhú cáilíochta chun a chinntiú go mbeadh taithí foghlama ardchaighdeáin ag gach foghlaimeoir beag beann ar láthair an staidéir.
Creataí Oibre Eorpacha
Tá dhá cheann de chreataí oibre cáilíochtaí ag an leibhéal Eorpach. Soláthraíonn an dá cheann eolas breise chun tuiscint a thabhairt ar chórais oideachais tíortha. Tacaíonn na creataí oibre seo le daoine aonair a aistríonn go tíortha difriúla, cibé chun staidéar a dhéanamh nó post a fháil.
Meitea-chreataí oibre nó creataí oibre uileghabhálacha a thugtar orthu seo toisc go míníonn siad an chaoi le cáilíochtaí chóras oideachais tíre amháin a chur i gcomparáid le cáilíochtaí chóras oideachais tíortha eile. Is é an Creatoibre an pointe teagmhála is tábhachtaí don duine aonair i gcónaí toisc gur féidir leis na creataí oibre Eorpacha é a "thiontú" agus na cáilíochtaí air a chur i gcomparáid le cáilíochtaí i dtíortha eile.
Is iad an dá chreatoibre Eorpach 'creat Bologna', a phléann le hardoideachas (Leibhéil 6 go 10 ar an gCreatoibre), agus An Creat um Cháilíochtaí Eorpacha (CCE), a phléann le gach leibhéal den Chreatoibre lena n-áirítear scoileanna, breisoideachas agus oiliúint, agus ardoideachas agus oiliúint.
Is é an t-ainm iomlán ar ‘chreat Bologna’ Creat Cáilíochtaí Limistéar Ardoideachais na hEorpa. Is é ainm iomlán an CCE Creat Cáilíochtaí na hEorpa um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil. Comhoireann an dá chreatoibre Eorpacha dá chéile.
Rinneadh tagraíocht idir an Creatoibre agus ‘creatoibre Bologna’ sa bhliain 2006 agus idir é agus an Creat um Cháilíochtaí Eorpacha i mí an Mheithimh 2009. Ciallaíonn sin gur féidir comparáid a dhéanamh idir cáilíochtaí ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí agus cáilíochtaí i dtíortha eile. Ar an gcaoi sin tugthar aitheantas níos forleithne do na cáilíochtaí i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí agus is fusa do thíortha thar lear ciall a bhaint astu.
Gheofar eolas breise ach cuairt a thabhairt ar láithreán Gréasáin Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann bealach na naisc seo a leanas:
Europass
Féachann Europass le cabhrú le daoine aonair a gcuid scileanna agus cáilíochtaí a dhéanamh níos sothuigthe agus níos soiléire san Eoraip. Cúig cinn de dhoiciméid chaighdeánaithe atá i gceist le Europass a chabhraíonn chun cur síos comhtháite a dhéanamh ar ghnóthachtálacha foghlama ar fud na hEorpa. Tacaíonn sé seo le daoine aonair ar mian leo aistriú idir thíortha. Is iad na doiciméid sin:
- Curriculum Vitae Europass (CV)
- Pas Teanga Europass
- Soghluaisteacht Europass
- Forlíonadh Teastais Europass
- Forlíonadh Dioplóma Europass
Féach iad ag: www.europass.ie





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.