Dearbhú Cáilíochta

Cuid lárnach de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí is ea Dearbhú Cáilíochta.  Ciallaíonn dearbhú cáilíochta go ndéantar athbhreithniú rialta ar do chlár oideachais agus oiliúna, agus ar an eagraíocht a sholáthraíonn é.  Tá cláir Dhearbhaithe Cáilíochta i bhfeidhm le haghaidh:

  • Cáilíochtaí (dámhachtainí) atá san áireamh i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí,
  • Soláthraithe de chláir oideachais agus oiliúna as a mbronntar dámhachtainían Chreata Oibre, agus
  • Na comhlachtaí a dhéanann na heagraíochtaí sin.

Gheofar sa chuid eile den leathanach seo srac-chuntas ar na socruithe atá i bhfeidhm in Éirinn.  Tá socruithe comhchosúla i bhfeidhm le haghaidh comhlachtaí dámhachtana ó thíortha eile a n-aithnítear a gcáilíochtaí sa Chreatoibre.

Ról na gComhlachtaí Dámhachtana

Tá feidhmeanna ar leith ag FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) agus HETAC (Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna) maidir le dearbhú cáilíochta.  Orthu seo tá:

  • Nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochtaí a aontú le soláthraithe a sholáthraíonn cláir as a leanann a ndámhachtainí siúd
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na nósanna imeachta seo
  • Athbhreithniú ar an gcaoi ar déileáladh le torthaí na nósanna imeachta sin

Tá ceanglas ar ollscoileanna nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a bhunú, meastóireachtaí a dhéanamh, éifeachtacht a nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a athbhreithniú agus cur chun feidhme thorthaí na nósanna imeachta sin a athbhreithniú.  Tarmligeadh údarás do Bhord Cáilíochta Ollscoileanna na hÉireann ag na hollscoileanna chun athbhreithnithe tréimhsiúla a eagrú ar éifeachtacht na nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta atá i bhfeidhm sna hollscoileanna.  

Ról Údarás na gCáilíochtaí

Tá Údarás na gCáilíochtaí freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann na Comhlachtaí Dámhachtana a gcuid feidhmeanna (is iad sin, HETAC agus FETAC) agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochtaí atá i bhfeidhm in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.  Gheofar sonraí breise ar na hathbhreithnithe ar FETAC, HETAC agus DIT ar láithreán gréasáin Údarás na gCáilíochtaí.

Dearbhú Cáilíochta san Eoraip

Leanann nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta atá i bhfeidhm in Éirinn treoirlínte agus moltaí Eorpacha.  

San ardoideachas, glacadh Caighdeáin agus Treoirlinte um Dhearbhú Cáilíochta i Réimse Ardoideachais na hEorpa ag Airí Oideachais ar fud na hEorpa sa bhliain 2005. Leagtar amach iontu na caighdeáin le haghaidh socruithe inmheánacha agus seachtracha dearbhú cáilíochta i gcás institiúidí ardoideachais agus na caighdeáin inmheánacha dearbhú cáilíochta le haghaidh gníomhaireachtaí dearbhú cáilíochta.

Sa bhreisoideachais, buníodh an Líonra Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Oiliúint (ENQA-VET) sa bhliain 2005 ag an gCoimisiún Eorpach.  Is í is aidhm foriomlán don Líonra obair leantach cuí a dhéanamh ar chonclúidí Chomhairle na hEorpa i mBealtaine agus i nDeireadh Fómhair 2004 um dhearbhú cáilíochta i nGairmoideachas agus Oiliúint agus go háirithe trí úsáid an Chomhchreata um Dhearbhú Cáilíochta a chur chun cinn ar bhonn deonach agus trí lionraí comhoibritheacha, cuimsitheacha agus deonacha a chothú, ag gach leibhéal.

An IHEQN

Bunaíodh Líonra Cáilíochta Ardoideachais na hÉireann sa bhliain 2003. Soláthraíonn sé fóram inar féidir leis na príomhsholáthraithe náisiúnta i ndearbhú cáilíochta ardoideachais (HETAC, Údarás na gCáilíochtaí, an DIT agus IUQB san áireamh) cáilíocht a phlé i gcomhthéacs náisiúnta, oibriú i dtreo comhsheasaimh náisiúnta ar na príomhcheisteanna um dhearbhú cáilíochta agus bonn eolais a chur faoin díospóireacht ar na ceisteanna céanna sin ag leibhéal Eorpach.  

 

 

 

 

 

National Development Plan
Excellence Through People

Ráiteas Inrochtaineachta | Cóipcheart & Séanadh | Beartas Príobháide | www.nqai.ie
All information © 2009 National Framework of Qualifications. All rights reserved. Email us: info@nqai.ie Funded by the Irish Government under the National Development Plan, 2007-2013

Green Promise logoThe National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.