Aitheantas do Cháilíochtaí Idirnáisiúnta
Le blianta beaga anuas, cuireadh béim mhór ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh cáilíochtaí iniompartha agus soaitheanta, i gcomhthéacs Eorpach agus i gcomhthéacs idirnáisiíúnta araon. Maidir leis seo, tionscnamh náisiúnta is ea Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí atá nasctha le forbairtí comhchosúla atá ar bun i dtíortha eile agus ag leibhéal idirnáisiúnta tríd is tríd.
Chabhraigh tabhairt isteach Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí chun cáilíochtaí a dhéanamh níos soaitheanta, ní amháin do shealbhóirí na ndámhachtainí CNC a thaistealaíonn thar sáile, agus dóibh siúd a thaistealaíonn chun na tíre seo agus cáilíochtaí acu a gnóthaíodh lasmuigh den Stát.
Aithint Cáilíochtaí – Éire
Is é Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann an lárionad in Éirinn le haghaidh aithint dámhachtainí idirnáisiúnta agus Aithint Cáilíochtaí a thugtar air. Is é ionadaí na hÉireann ar líonra Eorpach d'ionaid a chuireann chun cinn aithint cáilíochtaí idirnáisiúnta ar fud na hEorpa.
Uirlis is ea Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí a úsáideann Aithint Cáilíochtaí chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a gnóthaíodh lasmuigh den Stát tríd an cháilíocht a mheasúnú agus é a chur i gcomparáid le leibhéal ar an gCreatoibre. Soláthraíonn aitheantas deiseanna fostaíocht nó rochtain ar oideachas do shealbhóirí dámhachtainí eachtrannacha, ó bíonn an dámhachtain sothuigthe d'fhostóirí agus do sholáthraithe i gcomhthéacs Éireannach tar éis é a chur i gcomparáid leis an gCreatoibre.
Gheofar tuilleadh eolais maidir le haithint cáilíochtaí idirnáisiúnta, féach an láithreán Aithint Cáilíochtaí ag www.qualrec.ie
Cáilíochtaí Éireannacha agus Cáilíochtaí na RA
Tá comhlachtaí dámhachtana agus údaráis cháilíochtaí Éireannacha agus na comhlachtaí rialála dámhachtana agus cáilíochtaí sa RA tar éis dul i mbun cleachtaidh chun na creataí oibre sa RA agus in Éirinn a ailíniú/a chrostagairt. Tugadh an cleachtadh chun críche mí an Mheithimh 2005, athbhreithníodh é sa bhliain 2009 agus foilsíodh an doiciméad Qualifications can cross boundaries - a rough guide to comparing qualifications in the UK and Ireland
. Ré-áiritheoir is ea an bhileog d’fhostóirí, d’fhoghlaimeoirí agus do pháirtithe leasmhara eile, agus dearadh é le gur féidir comparáidí leathana a dhéanamh idir cáilíochtaí agus a leibhéil in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann.
Comhaontuithe Idirnáisiúnta
An 23 Feabhra 2006 shínigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, T.D., go foirmiúil comhaontú idirnáisiúnta idir rialtais na hÉireann agus na Síne chun cáilíochtaí ardoideachais a aithint go frithpháirteach. Síníodh an comhaontú idir an tAire agus a macasamhail Síneach, Mr Zhou Ji i mBéising. Toradh ab ea é ar ghealltanas tosaigh a rinne an bheirt Aire anuraidh le linn mhisean trádála an Rialtais chun na Síne, faoi cheannas an Taoisigh. Forálann an comhaontú le haghaidh aithint dámhachtainí ardoideachais ó leibhéal fo-chéime (ardteastas) go leibhéal dochtúireachta. Cinnteoidh sé go n-aithneofar na cáilíochtaí atá ag mic léinn agus ag céimithe a thaistealaíonn idir an dá thír ar mhaithe le staidéar breise nó fostaíocht. Tá comhaontuithe comhchosúla ag an tSín leis an mBreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Nua-Shéalainn agus an Astráil cheana féin.
Gheofar eolas breise ar an gcomhaontú seo ar láithreán gréasáin Aithint Cáilíochtaí.





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.