Comhairleoir
Forbairt thábhachtach ab ea tabhairt isteach Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí sa bhliain 2003 dóibh siúd a bhfuil cúram orthu maidir le foghlaimeoirí agus daoine nach foghlaimeoirí iad a chomhairliú. Go deimhin is amhlaidh a bhí Údarás na gCáilíochtaí i mbun cumarsáide le lucht gairmchomhairle go háirithe, sul má seoladh CNC agus is mór an tacaíocht a fuarthas uathu. Tugtar sa chuid seo a leanas srac-chuntas ar réimsí de CNC a mbeidh spéis ar leith iontu acu siúd a oibríonn i gcáil comhairleora.
An NFQ: Ó thaobh an chomhairleora de
Soláthraíonn CNC struchtúr (creat) a fhéachann le córas cáilíochtaí na hÉireann a shimpliú chun tuiscint air a chur chun cinn i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad. Córas deich leibhéal, bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta, is ea CNC agus cuimsíonn sé dámhachtainí a dhéantar ar son gach saghas foghlama, beag beann ar cá fhaightear í. San áireamh ann tá cáilíochtaí a fhaightear ar scoil (SEC), trí bhreisoideachas agus oiliúint (FETAC) agus trí ardoideachas agus oiliúint (HETAC, the DIT, the Universities).
Roimh thabhairt isteach CNC, bhí sé an-deacair comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir leibhéal agus caighdeán na gcáilíochtaí difriúla. Ó thaobh an chomhairleora de, chothaigh sé sin roinnt deacrachtaí nuair a bhíothas ag iarraidh comhairle iomlán a chur ar fhoghlaimeoirí chun go bhféadfaidís roghanna eolasacha a dhéanamh i dtaobh a bpleananna oideachais agus oiliúna. Léirionn an léaráid feain’ an córas náisiúnta cáilíochtaí ar bhealach comhtháite (breisoideachas agus ardoideachas) agus an chaoi ar féidir CNC a úsáid mar uirlis chomhairleach.
Is iad cloch choirnéil Údarás Náisiúnta na gCáilíochtaí caighdeáin chomhsheasmhacha a bhunú i gcúrsaí oideachais agus oiliúna, cáilíocht a chur chun cinn, deiseanna um rochtain, aistriú agus forchéimniú a mhéadú agus an cumas cáilíochtaí sa bhaile agus thar lear a thuiscint agus a chur i gcomparáid .i. aithint cáilíochtaí. Ceisteanna lárnacha don fhoghlaimeoir is ea na ceisteanna seo ar fad, agus mar thoradh air sin tá tábhacht bhunúsach leo dóibh siúd a chuireann comhairle ar fhoghlaimeoirí.
Seachas mórdhámhachtainí, cuimsítear i gCNC cáilíochtaí a bhronntar do bhaint amach pacáistí foghlama níos lú. Mar sin ofráileann sé bealaí nithiúla chun an fhoghlaim a luacháil ar feadh an tsaoil, cibé an bhfaightear go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil í, in institiúid oideachais nó oiliúna, nó san áit oibre, mar shampla.
Tá tábhacht ar leith le diminsean idirnáisiúnta agus Eorpach CNC maidir leis an gcomhairleoir de. Is mór an bhéim a leagtar ar thabhácht na gluaisteachta don fhoghlaimeoir, d’fhostóirí agus do na geilleagair a gcuidíonn siad leo. Sholáthair CNC uirlis lena bhféadfaí cáilíochtaí idirnáisiúnta a chur i gcomparáid lena chéile. Téann sé sin chun sochair do fhoghlaimeoirí a thaistealaíonn chuig an tír seo agus cáilíochtaí acu a fuair siad thar lear agus do fhoghlaimeoirí a bhfuil cáilíochtaí náisiúnta acu agus ar mian leo taisteal thar lear. Forbairtí suntasacha sa mhéid sin ab ea tabhairt isteach an tionscnaimh Eorpaigh Europass agus seirbhísí Aithint Cáilíochtaí.
Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí i bhfeidhm ó 2003 i leith. Féadfaidh tú eolas breise a chuardach sna Ceisteanna Coitianta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na leathanaigh seo a leanas: Mar gheall ar an gCreatoibre agus Foilseacháin agus Acmhainní.
Déan teagmháil linn ar an bhfón nó le ríomhphost má tá aon cheist eile agat.
Cur I Láthair Nua do Dhaltaí Meánscoile!
Dearadh cur i láthair nua PowerPoint chun cabhrú leatsa, mar ghairmchomhairleoir, Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí a mhíniú do do dhaltaí. Cliceáil anseo go bhfeice tú cur i láthair i dtaobh CNC
.
Beidh fáilte roimh aiseolas i dtaobh úsáideacht an chur i láthair anseo. Cuir do thuairim chugainn i ríomhphost chuig info@nqai.ie.




