You are here: Abhaile> Dámhachtainí sa Chreatoibre

Dámhachtainí sa Chreatoibr

Túseolas
Dámhachtainí scoile
Dámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna
Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna
Dámhachtainí Comhlachtaí Gairmiúla
Dámhachtainí RA atá ailínithe leis an gCreatoibre
Dámhachtainí Oidhreachta
Eolas Breise
Sonraí Teagmhála

Túseolas

Seoladh Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí sa bhliain 2003. Gheofar sna ranna seo a leanas for-radharc ar na dámhachtainí a aithnítear tríd an gCreatoibre amhail ar an 29 Mí Eanair 2010.

Dámhachtainí Scoile

Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanann dámhachtainí scoile. Áirítear dámhachtainí an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta sa Chreatoibre mar seo a leanas:

An Teastas Sóisearach Leibhéal 3
An Ardteistiméireacht Láithrithe trasna Leibhéil 4 agus 5

Dámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna

Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) an comhlacht náisiúnta dámhachtana don bhreisoideachas agus oiliúint. Áirítear a dámhachtainí ar an gCreatoibre ó leibhéil 1 go 6.

Gheofar eolas breise i dtaobh dámhachtainí FETAC ar www.fetac.ie

Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna

HETAC / Institiúidí Teiceolaíochtaí a bhfuil Údarás Tarmligthe acu

Áirítear na dámhachtainí a dhéanann Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC) agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta a bhfuil údarás tarmligthe acu ó HETAC chun dámhachtainí a dhéanamh ag leibhéil 6 go 10 ar an gCreatoibre.

Gheofar eolas breise i dtaobh HETAC agus soláthraithe arna gcreidiúnú ag HETAC ar www.hetac.ie

Gheofar liosta de láithreáin Ghréasáin na nInstitiúidí Teicneolaíochta ó Institiúidí Teicneolaíochta Éireann ag www.ioti.ie

* Is iad na hInstitiúidí Teicneolaíochta a bhfuil údarás tarmligthe acu ó HETAC chun dámhachtainí a dhéanamh ag leibhéil éagsúla:
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain; Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir; Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach; Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí;Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire; Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan; Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Mhaigh Eo; Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn; Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh; Institiúid Teicneolaíochta Shligigh; Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta; Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Áirítear na dámhachtainí a dhéanann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath sa Chreatoibre ag leibhéil 6-10.

Gheofar eolas breise ar dhámhachtainí Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar www.dit.ie

Ollscoileanna

Ocht gcinn d’ollscoileanna atá in Éirinn. Is iad sin: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU); Ollscoil Éireann Gaillimh (NUIG); Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUIM); Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD);  Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC); An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD); Ollscoil Luimnigh (UL).

Déanann Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (NUI) dámhachtainí díreacha chomh maith sna coláistí dá dtugann sí aitheantas.  Is iad seo: An Institiúid Riaracháin Phoiblí (IPA); Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI); An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh (NCAD); Institiúid Bhaile an Mhuilinn; agus Coláiste Bainistíochta Óstáin na Sionainne.

  • Stádas Reatha Cuimsithe na nDámhachtainí Ollscoile

Mí Iúil 2004 cuireadh na dámhachtainí seo a leanas de chuid na n-ollscoileanna thuas agus de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann san áireamh sa Chreatoibre ag na leibhéil seo a leanas:

Gnáthchéim Bhaitsiléara

Leibhéal 7

Céim Bhaitsiléara Onóracha

Leibhéal 8

Céim Mháistreachta

Leibhéal 9

Céim Dhochtúireachta

Leibhéal 10

Mí Mheán Fómhair 2008 chuir na hollscoileanna liostaí dá mórdhioplómaí (.i. dámhachtainí Ard-Dioplóma agus Dioplóma Iarchéime) agus dá ndámhachtainí neamhmhóra (miondámhachtainí, dámhachtainí forlíontacha agus dámhachtainí sainchuspóra) ar fáil le háireamh sa Chreatoibre. Gheofar na liostaí sin, mar aon le nuashonruithe a sholáthar na hollscoileanna ó shin, thíos:

Mór-Dhioplómaí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)

Dámhachtainí Neamhmhóra Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)

Mórdhámhachtainí Ollscoil Éireann, Gaillimh (NUIG) (Nuashonraithe Meán Fómhair 2009)

Mór-Dhioplómaí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad (NUIM)

Dámhachtainí Neamhmhóra Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad (NUIM)

Mór-Dhioplómaí agus Dámhachtainí Neamhmhóra Ollscoil Náisiúnta na hÉireann

Mór-Dhioplómaí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD)

Dámhachtainí Neamhmhóra Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD)

Mór-Dhioplómaí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC)

Dámhachtainí Neamhmhóra Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC)

Mór-Dhioplómaí an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) (Nuashonraithe Meán Fómhair 2009)

Dámhachtainí Neamhmhóra an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) (Nuashonraithe Meán Fómhair 2009)

Mór-Dhioplómaí Ollscoil Luimnigh (UL)

Dámhachtainí Neamhmhóra Ollscoil Luimnigh (UL)

 

Dámhachtainí Breise Ollscoile a áireofar ar an gCreatoibre

Tá feidhmeannacht an Údaráis i mbun oibre i gcónaí leis na hollscoileanna, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, agus Cumann Ollscoileanna na hÉireann (IUA) chun gur féidir fuílleach dhámhachtainí reatha na n-ollscoileanna a chuimsiú sa Chreatoibre agus dámhachtainíi a rinneadh sular tugadh isteach an Creatoibre (ar a dtugtar dámhachtainí oidhreachta, chomh maith) a láithriú sa Chreatoibre. Postálfar scéaltaí breise i dtaobh an phróísis seo ar an láithreán Gréasáin de réir mar a tharlaíonn siad.

Comhlachtaí Gairmiúla

D’fhoilsigh an tÚdarás a bheartais maidir le cuimsiú/ailíniú dámhachtainí de chuid comhlachtaí gairmiúla sa bhliain 2006. Aithnítear na comhlachtaí / dámhachtainí gairmiúla seo a leanas tríd an gCreatoibre:

  • Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (ICAI): Aithníodh Comhlach de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn mar dhámhachtain is coibhéiseach le dámhachtain ar leibhéal 9 den Chreatoibre.

Dámhachtainí RA a ailíníodh leis an gCreatoibre

D’aontaigh an tÚdarás cur chuige beartais sa bhliain 2006 maidir le hailíniú cáilíochtaí de chuid comhlachtaí dámhachtana oideachais agus oiliúna na RA (arna seachadadh in Éirinn) le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Is é príomhchuspóir ailíniú na gcáilíochtaíi seo ná eolas soiléir a sholáthar d’fhoghlaimeoirí maidir leis an gcáilíocht agus leis an leibhéal is gaire dó ar Chreatoibre Náísiúnta Cáilíochtaí na hÉireann.  

Tá gach ceann de cháilíochtaí na RA a ailíníodh le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí:

  • san áireamh ar chreataí oibre náisiúnta cáilíochta Shasana, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann nó ar an Scottish Credit and Qualifications Framework
  • arna seachadh in Éirinn de réir na sonraíochta céanna is a gcuirtear ar fáil iad i Sasana, sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann agus in Albain
  • faoi réir próiseas agus nósanna imeachta seachtracha dearbhaithe cáilíochta

Eolas breise agus liostú na ndámhachtainí RA a ailíníodh le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí

Dámhachtainí Oidhreachta

Rinneadh athruithe ar an gcóras oideachais in Éirinn nuair a tugadh isteach an Creatoibre sa bhliain 2003 a chiallaigh gur cuireadh deireadh le dámhachtainí áirithe.  Cuireadh na dámhachtainí seo san áireamh sa Chreatoibre, más ea, mar dhámhachtainí oidhreachta.  

Áirítear ar dhámhachtainí oidhreachta dámhachtainí a rinne comhlachtaí dámhachtana sular bunaíodh FETAC agus HETAC.  Sampla de seo is ea an Dioplóma Náisiúnta a láithrítear ag Leibhéal 7 ar an gCreatoibre, arb é sin an leibhéal céanna agus an dámhachtain reatha de Ghnáthchéim Bhaitsiléara.

Cliceáil anseo le haghaidh cóip den Chreatoibre ar a n-áirítear dámhachtainí reatha agus dámhachtainí oidhreachta.

Eolas Breise i dTaobh Dámhachtainí sa Chreatoibre

Gheofar tagairtí do leibhéil dámhachtainí sa Chreatoibre, nuair is cuí, ar Qualifax, Bunachar Sonraí Náisiúnta na gCúrsaí ag www.qualifax.ie

Sonraí Teagmhála

Ba cheart ceisteanna i dtaobh stádas dámhachtainí ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí a chur chuig Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann le guthán (01) 887-1500 nó le ríomhphost chuig info@nqai.ie

 

Siar go Barr

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

National Development Plan
Ráiteas Inrochtaineachta | Cóipcheart & Séanadh | Beartas Príobháide | Saoráil Faisnéise | www.nqai.ie
All information © 2009 National Framework of Qualifications. All rights reserved. Email us: info@nqai.ie
Funded by the Irish Government under the National Development Plan, 2007-2013