Cóipcheart & Séanadh
Séanadh
Treoir eolais amháin atá in ábhar na leathanach seo. Ceapadh iad chun teacht níos fearr a thabhairt don phobal ar eolas mar gheall ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Déantar gach iarracht agus ábhar á réiteach chun a fhoilsithe agus ní ghlacfaidh Údarás Náisiúnta na gCáilíochtaí le freagracht ar bith ná ní ghlacfar le freagracht thar ceann an Údaráis as aon earráid, easnamh nó ráiteas míthreorach ar na leathanaigh seo ná ar láithreán ar bith lena nascann na leathanaigh seo.
Cé go ndéantar gach iarracht féachaint chuige gur láithreáin iontaofa iad na láithreáin liostiathe, ní hionann sin agus formhuiniú na láithreán sin.
Cóipcheart
Tá an t-ábhar ar an láithreán seo faoi réir coipchirt de réir Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-ábhar a íoslódáil go comhad nó go printéir le haghaidh úsáid phearsanta amháin. I gcás go n-eisítear an t-ábhar do dhaoine eile, ní mór an fhoinse (agus an url san áireamh) agus an stádas cóipchirt a admháil. Ní bhaineann an cead chun ábhar cóipchirt a atáirgeadh le haon ábhar ar an láithreán seo a d’fhéadfadh a bheith mar mhaoin de thríú páirtí. Ní mór údarú chun ábhar dá shórt a atáirgeadh a fháil ó shealbhóirí an chóipchirt lena mbaineann..



