You are here: Abhaile > Fostóir nó Earcóir

Fostóir nó Earcóir

Diagram of Framework Structure. Click image for a more detailed description

Leibhéil Nua le haghaidh Ratha sa Ghnó!

Mar fhostóir/earcaitheoir, is príomhpháirtí leasmhar thú i bhforbairt leanúnach agus i gcur chun feidhme rathúil Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ). Aibhsítear sa chuid seo den láithreán Gréasáin na buntáistí éagsúla a ghabhann leis an NFQ a úsáid le haghaidh do ghnó agus a thábhachtaí is atá sé eolas a chur ar an gCreatoibre ina iomláine go bhfeice tú na bealaí inar féidir leis cabhrú leat! Gheobhaidh tú buneolas ar an gCreatoibre ach cliceáil ar Mar gheall ar an NFQ ar clé.

 

 

An NFQ: Ó thaobh an fhostóra/an earcaitheora

Tugadh isteach Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí in 2003. Struchtúr deich leibhéal is ea an Creatoibre a chuimsíonn cáilíochtaí a fhaightear sna scoileanna, san ionad oibre, sa phobal, in ionaid oiliúna, i gcoláistí agus in ollscoileanna, ó na cáilíochtaí is bunúsaí go dtí na céimeanna foghlama is airde ar fad. Tá Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI) freagrach as forbairt agus cur chun feidhme an Chreatoibre a a threorú.

I do cháil mar fhostóir agus/nó mar earcaitheoir, tá an NFQ ann chun tacú le do thuiscint ar an gcóras oideachais agus oiliúna ionas gur féidir leat lucht saothair a bhfuil na scileanna a theastaíonn le haghaidh ratha sa ghnó a mhealladh agus a fhorbairt. Féadfaidh an NFQ, mar acmhainn san ionad oibre, cabhrú leat chun:

  •  An leibhéal eolais, scile agus inniúlachta a theastaíonn do róil saothair a shonrú agus é a dhéanamh níos fusa duit cáilíochtaí a aithint arbh fhéidir iad a úsáid chun riachtanais chruinne oideachais agus oiliúna a fhógairt i gcás jabsonraíochtaí agus sonraíochtaí daoine.

  • Measúnú a dhéanamh ar na cáilíochtaí a cuireadh i láthair – Féadfaidh an NFQ líon na n-iarrthóirí oiriúnacha a leathnú toisc gur féidir daoine le cáilíochtaí is inchomparáide leis na cáilíochtaí a leagadh síos agus daoine le cáilíochtaí eachtrannacha is inchomparáide a chur san áireamh le haghaidh post.  Tairgeann Údarás na gCáilíochtaí seirbhís ar a dtugtar Aithint Cáilíochtaí a thugann bealach d’fhostóirí agus d’earcaitheoirí comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir cáilíochtaí eachtrannacha agus cáilíochtaí i gcóras na hÉireann.  Seirbhís shaor in aisce is ea an tseirbhís seo agus is seirbhís chomhairleach í maidir le cáilíochtaí eachtranancha agus an chaoi le comparáid a dhéanamh idir iad agus cáilíochtaí Éireannacha ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí, i gcaoi is gur féidir iarrthóirí cuícháilithe a aithint. Beidh diminsin Eorpach agus idirnáisiúnta Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí agus a nasc le Réimse Ardoideachais na hEorpa, Creat ‘Bologna’ agus Creat Cáilíochtaí na hEorpa (EQF) go háirithe ina chabhair duit agus tú ag iarraidh tuiscint a fháil ar cháilíochtaí ó thíortha thar lear.

  • Do nós imeachta iarratas a shimpliú. Cuireann na stíleanna agus na leaganacha amach éagsúla atá ar CVanna agus ar theastais cháilíochtaí castacht bhreise le próisis chinnteoireachta i gcúrsaí earcaíochta. Óstálann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hEireann An tIonad Náisiúnta Europass in Éirinn, ar tionscnamh de chuid Choimisiún na hEorpa é a fhéachann le cabhrú le daoine a scileanna agus a gcáilíochtaí a léiriú go soiléir i gcaoi a thuigfear agus a mbeidh glacadh léi ar fud na hEorpa. Is féidir na Forlíontaí Teastais agus Dioplómaí go háirithe a úsáid mar chabhair sa phróiseas earcaíochta trí a bheith mar acmhainn eolais bhreise i dtaobh dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna agus ardoideachais agus oiliúna, faoi seach.
     
  •  Oiliúint agus Forbairt a cheangal le riachtanais ghnó – Tá deich leibhéal Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí bunaithe ar thorthaí foghlama; ar an méid is eol do dhuine, ar an méid an thuigeann duine agus ar an méid is féidir le duine a dhéanamh ar chríoch chlár staidéir dóibh.  Cabhraíonn torthaí foghlama agus an tsoiléire a sholáthraíonn Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí maidir le deiseanna um rochtain, aistriú agus forchéimniú leat riachtanais oiliúna agus oideachais foirne a mheas agus a phleanáil, tríd an t-oideachas agus an oiliúint cheart a aimsiú chun freastal do riachtanais aonair agus ghnó, rud a thugann toradh níos fearr ar d’infheistíocht.

  • Teistiú a fháil d'oideachas agus d'oiliúint a dhéantar sa chomhlacht féin. Déantar gach cáilíocht ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí a dhearbhú ó thaobh cáilíochta de agus tacaíonn an Creatoibre le forbairt agus teistiú gach foghlama beag beann ar cá dtarlaíonn sé; tá an t-ionad oibre san áireamh anseo. Is féidir go mbronnfaí cáilíochtaí a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu mar thoradh ar d'oiliúint inchomhlachta, rud a thabharfadh luach saothair do bhaill an chomhlachta as a bheith páirteach i gcláir leanúnacha fhoráis ghairmiúil.

  • Cistiú a fháil le haghaidh na hoiliúna san ionad oibre. Tá an cistiú poiblí a chuirtear ar fáil le haghaidh oideachais agus oiliúna san ionad oibre á dhíriú níos mó an t-am ar fad ar thacú le tionscnaimh breisoiliúna as a fhaightear cáilíochtaí a aithnítear i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.

  • Tacú le bainistiú ar fheidhmíocht trí cháilíochtaí atá ar an NFQ a úsáid chun lucht saothair a inspreagadh chun timpeallachtaí ardfheidhmíochta a choinneáil.  

  • A bheith mar rogha fhostóra.  Léiríonn úsaid an NFQ mar acmhainn ionaid oibre do ghealltanas i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh sa tsócmhainn is tábhachtaí duit agus cabhraíonn leat na daoine tallannacha a theastaíonn le go mbeidh rath ar do ghnó a mhealladh, a choimeád agus a inspreagadh.

 

Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí i bhfeidhm ó 2003 i leith. Féadfaidh tú eolas breise a chuardach sna Ceisteanna Coitianta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na leathanaigh seo a leanas: Mar gheall ar an gCreatoibre agus Foilseacháin agus Acmhainní.

Déan teagmháil linn ar an bhfón nó le ríomhphost má tá aon cheist eile agat.


 

.

Last Updated: 2009
National Development Plan
Ráiteas Inrochtaineachta | Cóipcheart & Séanadh | Beartas Príobháide | www.nqai.ie
All information © 2009 National Framework of Qualifications. All rights reserved. Email us: info@nqai.ie
Funded by the Irish Government under the National Development Plan, 2007-2013