Ceisteanna Coitianta
Ceapadh na ceisteanna agus na freagraí seo a leanas mar threoir do na réimsí de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí is mó a bhaineann le foghlaimeoirí: :
- 1. Cad é Creatoibre Náisiúnta na g Cáilíochtaí (CNC)?
- 2. Conas a oibríonn Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí?
- 3. Cad iad buntáistí an CNC d'fhoghlaimeoirí?
- 4. Cé ar féidir leo dámhachtainí a dhéanamh i gCNC?
- 5. Cad iad mórdhámhachtainí, miondámhachtainí, dámhachtainí forlíontacha agus dámhachtainí sainchuspóra? .
- 6. Cá háit ar féidir liom cóip den léaráid feain a íoslódáil?
- 7. Tá i gceist agam cúrsa oideachais nó oiliúna a roghnú, conas is féidir liom a bheith cinnte go mbeidh aitheantas ag an dámhachtain a thiocfaidh as ar CNC?
- 8. Rinneadh mo dhámhachtain sular tugadh isteach CNC – an aithnítear í?
- 9. Fuair mé Dioplóma Náisiúnta – ar féidir Gnáthchéim Bhaitsiléarea a thabhairt air anois?
- 10. Is i dtír eile a bronnadh mo cháilíocht orm. An féidir í a aithint trí CNC na hÉireann?
- 11. Comhlacht dámhachtana sa RA is ea a bhronn mo cháilíocht orm. Ar féidir í a aithint trí CNC?
- 12. Comhlacht dámhachtana sa RA a bhronn mo cháilíocht orm in Éirinn. An féidir é a aithint trí CNC?
- 13. An aithnítear dámhachtainí gairmiúla trí CNC?
- 14. An mbíonn tionchar ag aicmiú/grádú dámhachtana ar a láthair ar CNC?
- 15. Wh Cad é an difríocht idir Gnáthchéim Bhaitsiléara agus Céim Bhaitsiléara Onóracha?
- 16. Cad is Europass ann?
- 17. Cén chiall atá le Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú (RAF)?
1. Cad é Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC)?
Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC) ceaptha chun an foghlaimeoir a chur i gceartlár an chórais oideachais agus oiliúna in Éirinn. Tá sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas mar gheall ar CNC, go dtuigfeá an bhrí atá leis duitse, agus na buntáistí a d'fhéadfadh sé a bhronnadh ort.
Soláthraíonn CNC struchtúr (creatoibre) chun leibhéal agus caighdeán cáilíochtaí difriúla a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile. Cabhraíonn sé sin leat cinntí eolasacha a dhéanamh mar gheall ar do roghanna cáilíochta agus féachaint cad iad na deiseanna forchéimnithe a bheidh ar fáil duit. Is fusa duit chomh maith, le CNC, cáilíochtaí atá agat, nó a bheidh agat tar éis cúrsa staidéir a dhéanamh a mhíniú do dhaoine eile. Tá sé seo tábhachtach don duine atá ag smaoineamh ar fhoghlaim bhreise a dhéanamh, nó post a chuardach – anseo nó thar lear.
Córas deich leibhéal is ea an CNC, mar a thaispeánann "léaráid feain” thuas. Bunaítear é ar chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta agus gheofar ann dámhachtainí don uile chineál foghlama, d’ainneoin an áit a fhaightear é. Gheofar ann cáilíochtaí scoile arna ndámhachtain ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, cáilíochtaí breisoideachais agus oiliúna arna ndámhachtain ag FETAC agus cáilíochtaí ardoideachais arna ndámhachtain ag HETAC, DIT, Institiúidí Teicneolaíochta eile agus ag na hOllscoileanna.
Gheofar eolas breise in Mar gheall ar CNC.
2. Conas a oibríonn Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí?
Ailtireacht aontaithe is bunús le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí, a dtángthas uirthi i ndiaidh tréimhse fhada comhairliúcháin le páirtithe leasmhara éagsúla. Seo na gnéithe is tábhachtaí de leagan amach an chreata oibre:
- Tá an Creatoibre comhdhéanta de leibhéil, cineálacha dámhachtainí agus dámhachtainí ainmnithe.
- Deich leibhéal atá ann a clúdaíonn gach céim den fhoghlaim ó na túschéimeanna go dtí na céimeanna is airde.
- Cinneadh ceithre cinn de chineálacha dámhachtainí don Chreatoibre – mórdhámhachtainí, míondámhachtainí, dámhachtainí sainchuspóra agus dámhachtainí forlíontacha. Is amhlaidh atá chun a chinntiú gur féidir gach cineál foghlama a dtugann foghlaimeoir faoi a ghabháil sa Chreatoibre.
- Níl aon bhaint idir cineálacha dámhachtainí agus disciplíní ar leith. Mar shampla, cineál dámhachtana ag Leibhéal 6 is ea ‘Ardteastas'. Tá roinnt ‘Ardteastas’ ar fáil do dhisciplíní éagsúla ag Leibhéal 6. Léiríonn an dámhachtain ainmnithe an disciplín ina mbaintear amach an ‘tArdteastas’ m.sh. ‘Ardteastas Ceardaíochta – Leictreach’.
- Tá ag gach cineál dámhachtana (m.sh. Ardteastas) a thuairisceoir cineála dámhachtana féin. Ciallaíonn sin go leagtar amach caighdeán foriomlán eolais, scile agus inniúlachta. Is féidir na caighdeáin fhoriomlána sin a úsáid chun caighdeán inmhianaithe dámhachtana ainmithe a léiriú (m.s. Teastas Ceardaíochta – Leictreach). Cinntíonn sin gur comhsheasmhach na cáilíochtaí ag leibhéal ar leith ar an gCreatoibre.
3. Cad iad buntáistí CNC d’fhoghlaimeoirí?
Ceapadh Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC) chun tusa, an foghlaimeoir, a chur i gceartlár an chórais oideachais agus oiliúna in Éirinn.
I measc na mbuntáistí d’fhoghlaimeoirí tá:
- Cáilíochtaí dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de is ea na cáilíochtaí i gCNC. Ciallaíonn sin gur féidir leatsa, an foghlaimeoir, a bheith muiníneach go n-athbhreithnítear do chúrsa agus an institiúid ag a bhfuil tú ag staidéar, ar bhonn leanúnach. Tá dearbhú cáilíochta ceaptha le cinntiú go mbeidh ag gach foghlaimeoir eispéireas foghlama ardchaighdeáin beag beann ar cá háit a bhfuil siad ag staidéar.
- Ó thaobh an fhoghlaimeora de, féadfaidh CNC cabhrú leis na daoine aonair a gcuid oideachais agus oiliúna agus forchéimniú gairme a phleanáil agus cuireann sé luach ar chineálacha difriúla foghlama.
- Féadfaidh foghlaimeoirí roghanna eolasacha a dhéanamh mar gheall ar na cáilíochtaí a roghnaíonn siad, agus na bealaí forchéimnithe a d’fhéadfadh a bheith ar oscailt dóibh ar chríoch a gcúrsaí a chur san áireamh.
Gheofar eolas breise in An Foghlaimeoir Thú.
4. Cé ar féidir leo dámhachtainí a dhéanamh i gCNC?
Mar thoradh ar Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999, tá cumhacht reachtúil (dlí) ag roinnt comhlachtaí dámhachtana chun dámhachtainí a dhéanamh in Éirinn agus áirítear a gcuid dámhachtainí i gCNC. Is iad seo na comhlachtaí i gceist:
- Déanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit dámhachtainí scoile, m.sh. an Teastas Sóisearach (Leibhéal 3 ar CNC) agus an Ardteistiméireacht (Leibhéil 4/5 ar CNC)
- Déanann Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna ó Leibhéal 1-6 ar CNC.
- Déanann Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna lasmuigh d'earnáil na n-ollscoileanna ó Leibhéal 6-10 ar CNC.
- Déanann Institiúidí Teicneolaíochta a ndámhachtainí féin ag leibhéil shonraithe faoi údarás tarmligthe ó HETAC ag leibhéil 6-10 de CNC.
- Déanann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath dámhachtainí ag leibhéil 6-10 de CNC.
- Déanann na hOllscoileanna dámhachtainí ag leibhéil 7-10 de CNC.
- Tá cumhacht reachtúil (dlí) ag líon teoranta comhlachtaí gairmiúla chun dámhachtainí a dhéanamh sa Stát agus is féidir leo iarratas a dhéanamh go gcuimseofaí a ndámhachtainí sa Chreatoibre m.sh. aithnítear comhlach de Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn mar dhámhachtain atá cóibhéiseach le dámhachtain ag Leibhéal 9 ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí
Tuilleadh eolais ar ‘Comhlachtaí Damhachtana’.
5. Cad iad na mórdhámhachtainí, miondámhachtainí, dámhachtainí forlíontacha agus dámhachtainí sainchuspóra?
Le cois an struchtúr 10 leibhéal, gheofar aicmí nó catagóirí difriúla dámhachtainí i gCNC. Dámhachtainí difriúla is ea iad mar gheall ar an meascán de chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta iontu. Tugann seo saoirse don fhoghlaimeoir a gcáilíochtaí a charnadh ar bhealach a oireann dóibh féin.
Ceithre chatagóir de chineálacha dámhachtainí atá ann:
- An phríomhaicme dámhachtana a dhéantar ag leibhéal is ea Mórdhámhachtainí. Seans go bhfuil cloiste agat faoi chuid díobh seo, mar shampla, an Ardteistiméireacht, an Ardteastas nó an Chéim Bhaitsiléara Onóracha. Sé cinn déag de mhórdhámhachtainí atá sa Chreatoibre agus chífear iad sa léaráid ‘feain’.
- Soláthraíonn miondámhachtainí aitheantas d’fhoghlaimeoirí a ghnóthaíonn raon torthaí foghlama nach iad an comhcheangal ar leith de thorthaí foghlama a theastaíonn le haghaidh mórdhámhachtain. Ar an gcaoi seo is féidir le foghlaimeoirí aonaid foghlama a charnadh ar a luas féin de réir mar a oireann dóibh féin.
- Déantar dámhachtainí sainchuspóra ar chúiseanna an-sainiúla – mar shampla, teistiú an Phas Shábháilte um Fheasacht Sláinte agus Sábháilteachta i dtionscal na foirgníochta.
- Déantar dámhachtainí forlíontacha le haghaidh foghlaim ar breis í ar dhámhachtain a fuarthas cheana. D’fhéadfadh, mar shampla, go mbainfidís le nuashonrú nó athnuachan eolais agus scileanna, nó le forbairt ghairmiúil leanúnach.
6. Cá bhfaighinn cóip den léaráid feain le híoslódáil?
Gheofar cóip de léaráid feain an CNC anseo.
7 . Tá i gceist agam cúrsa oideachais nó oiliúna a roghnú, conas is féidir liom a bheith cinnte go mbeidh aitheantas ag an dámhachtain a thiocfaidh as ar CNC?
Ní mór na ceisteanna seo a leanas a chur chun an buntáiste is mó is féidir a bhaint as do roghanna oideachais agus oiliúna:
- Cén cháilíocht a gheofar as cúrsa ar leith?
- Cé a dhéanfaidh an dámhachtain?
- An mbeidh an cháilíocht a thiocfaidh as an gcúrsa áirithe ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí?
- Cén leibhéal ar a bhfuil an cháilíocht ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí?
- Cén cineál cáilíochta é (m.sh., mórdhámhachtain, miondámhachtain)?
- Cad iad na roghanna forchéimnithe a bheidh agam dá éis?
Foinse mhaith eolais is ea QualifaX, Bunachar Sonraí Náisiúnta na bhFoghlaimeoirí: www.qualifax.ie. Gheofar ar an láithreán Gréasáin seo eolas ar chúrsaí agus ar leibhéal na cáilíochta a bhronnfar ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí, más cuí.
Siar go Barr8. Rinneadh mo dhámhachtain sular tugadh isteach CNC - an aithnítear é?
Tugadh CNC isteach sa bhliain 2003. Láithríodh formhór na n-iarcháilíochtaí ar CNC agus tá sé sin ar siúl i gcónaí. Samplaí de iardhámhachtainí is ea Gairmtheastas Náisiúnta Leibhéal 2 an NCVA agus Dioplóma Náisiúnta an NCEA nach ndéantar a thuilleadh in Éirinn. Láithríodh Gairmtheastas Náisiúnta Leibhéal 2 an NCVA ag Leibhéal 5 ar CNC. Láithríodh an Dioplóma Náisiúnta ag Leibhéal 7 ar CNC. An dámhachtain a dhéantar anois ag Leibhéal 7 ná an Gnáthchéim Bhaitsiléara.
Cliceáil anseo chun cóip a fháil de CNC mar aon le heolas ar dhámhachtainí reatha agus ar iardhámhachtainí a aithnítear ar CNC.
9. Dioplóma Náisiúnta atá agam – an féidr Gnáthchéim Bhaitsiléara a thabhairt air anois?
Dámhachtain oidhreachta is ea an Dioplóma Náisiúnta agus ní dhearnadh é ó tugadh isteach Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC) sa bhliain 2003 ach láithríodh é ag Leibhéal 7 ar CNC. An dámhachtain reatha ag Leibhéal 7 de CNC ná an Gnáthchéim Bhaitsiléara. Mar sin aithnítear an Dioplóma Náisiúnta agus Gnáthchéim Bhaitsiléara trí CNC ag Leibhéal 7 ach ní ceadmhach do shealbhóirí an Dioplóma Náisiúnta Gnáthchéim Bhaitsiléara a thabhairt ar a ndámhachtain.
10. Is i dtír eile a bronnadh mo cháilíocht orm. An féidir í a aithint trí Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC) na hÉireann?
Is féidir cáilíochtaí a dhéantar i dtíortha eile a aithint trí CNC. Soláthraíonn Aithint Cáilíochtaí, bunaithe ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI), seirbhís eolais shaor in aisce a chabhraíonn le daoine a gcáilíochtaí eachtrannacha a chur i gcomparáid le cáilíochtaí Éireannacha. Soláthraíonn an tseirbhís eolas i dtaobh na cáilíochta eachtrannaí atá agat agus déanann comparáid idir cáilíochtaí eachtrannacha agus cáilíocht atá láithrithe ar leibhéal ar leith ar Chreatoibre Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann.
Tá líon an bPróifílí Oideachais Tíre agus an t-eolas ar inchomparáide dámhachtainí idirnáisiúnta le dámhachtainí Éireannacha ag dul i méid an t-am ar fad agus tá siad ar fáil i 'Bunachar Sonraí Cáilíochtaí Idirnáisiúnta' ar láithreán Gréasáin Aithint Cáilíochtaí, www.qualrec.ie
11. Comhlacht dámhachtana sa RA is ea a bhronn mo cháilíocht orm. Ar féidir í a aithint trí CNC?
Sa chéad áit, ní mór duit a fháil amach an comhlacht dámhachtana aitheanta sa RA é an comhlacht dámhachtana agus cén leibhéal atá ag an gcáilíocht ar chreatoibre cáilíochtaí na RA. I gcás soláthraithe breis (gairm) oideachais agus oiliúna, is féidir sin a dhéanamh ach féachaint ar an National Database of Accredited Qualifications (NDAQ) sa RA. I gcás soláthraithe ardoideachais agus oiliúna, féach láithreán Gréasáin an Department for Business, Innovation & Skills sa RA. Má aithnítear an comhlacht dámhachtana agus tá leibhéal agat don cháilíocht i gceist, féadfaidh tú ansin an doiciméad ‘Qualifications can cross boundaries' a cheadú mar threoir thapa ar conas an cháilíocht a chur i gcomparáid le leibhéal ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí in Éirinn. Is féidir na dámhachtainí seo a aithint trí Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí in Éirinn. Féadfaidh comhlachtaí dámhachtana ó thíortha eile a dhéanann dámhachtainí in Éirinn iarratas a dhéanamh ar aitheantas (nó "ailíniú") dá gcáilíochtaí in Éirinn. Is iad na príomhchritéir ná go gcuirtear an dámhachtain san áireamh i gcreatoibre cáilíochtaí na tíre ina bhfuil an comhlacht dámhachtana suite, agus go bhfuil dearbhú cáilíochta i bhfeidhm i gcás na ndámhachtainí a dhéantar in Éirinn.
12. Comhlacht dámhachtana sa RA a bhronn mo cháilíocht orm in Éirinn. An féidir é a aithint trí CNC?
D’aontaigh an tÚdarás cur chuige beartais sa bhliain 2006 chun go bhféadfaí cáilíochtaí comhlachtaí dámhachtana oideachais agus oiliúna na RA (arna ndéanamh in Éirinn) a ailíniú le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC). An príomhchuspóir atá le hailíniú na gcáilíochtaí seo ná eolas soiléir a sholáthar d’fhoghlaimeoirí i dtaobh cáilíochtaí agus i dtaobh an leibhéil is oiriúnaí dóibh ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.
I gcás cáilíochtaí na RA a ailíníodh le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí:
- tá siad san áireamh ar chreataí oibre náisiúnta cáilíochta Shasana, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann nó ar an Scottish Credit and Qualifications Framework
- cuirtear ar fáil iad in Éirinn de réir na sonraíochta céanna is a gcuirtear ar fáil iad i Sasana, sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann agus in Albain.
- tá siad faoi réir próiseas agus nósanna imeachta seachtracha dearbhaithe cáilíochta
Gheofar eolas breise agus liostaí de dhámhachtainí RA atá ailínithe le CNC ach cliceáil anseo
13. An aithnítear dámhachtainí gairmiúla trí CNC?
Sa bhliain 2006 d’fhoilsigh an tÚdarás a bheartais maidir le cuimsiú agus ailíniú dámhachtainí comhlachtaí gairmiúla. Aithníodh roinnt dámhachtainí arna ndéanamh ag comhlachtaí gairmiúla ar CNC. Gheofar eolas breise ach cliceáil anseo.
14. An mbíonn tionchar ag aicmiú/grádú dámhachtana ar a láthair ar CNC?
Ní bhíonn. Is í an cháilíocht a shainíonn leibhéal CNC seachas leibhéal an aicmithe/an ghrádaithe. Mar shampla, áirítear Céim Bhaitsiléara Onóracha ar CNC ag Leibhéal 8 cibé an aicme Pass, Dara Gráid nó Céad Ghráid a fhaigheann an céimí.
15. Cad í an difríocht idir Gnáthchéim Bhaitsiléara agus Céim Bhaitsiléara Onóracha?
De ghnáth bronntar Gnáthchéim Bhaitsiléara ar chríoch clár staidéir trí bliana (180 creidmheas ECTS) in institiúid aitheanta ardoideachais agus áirítear é ag Leibhéal 7 de CNC.
Is gnáthach an Chéim Bhaitsiléara Onóracha a bhronnadh ar chríoch clár staidéir ceithre bliana (180-240 creidmheas ECTS) in institiúid aitheanta ardoideachais, cé go bhfuil samplaí ann de chláir is faide ná sin i réimsí ar nós na hailtireachta, na fiaclóireachta agus an leighis. Lena chois sin, cuirtear cláir bhliana ar fáil as a ngnóthaíonn sealbhóirí an Ghnáthchéim Bhaitsiléára Céim Bhaitsiléara Onóracha. Áirítear an Chéim Bhaitsiléara Onóracha ag Leibhéal 8 de CNC.
16. Cad is Europass ann?
Féachann Europass le cabhrú le daoine aonair chun gur féidir a gcuid scileanna agus cáilíochtaí a aithint go furasta san Eoraip, rud a chuireann le soghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe. Cúig dhoiciméad atá i gceist le hEorpass a dhéanann cur síos ar ghnóthachtálacha foghlama ar bhealach sothuigthe. I measc na gcúig doiciméad tá Curriculum Vitae agus Pas Teanga, agus Forlíonaí a mhíníonn go mion an bhrí atá le cáilíochtaí an tsealbhóra. Sin iad na Forlíontaí Teastais agus Dioplóma a sholáthraíonn eolas breise ar dhámhachtainí breisoideachais agus ardoideachais, faoi seach.
Gheofar tuilleadh eolais faoi Comhthéasc Idirnáisiúnta.
17. Cén chiall atá le Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú (RAF)?
Bealach níos solúbtha is ea CNC d'fhoghlaimeoirí deiseanna oideachais agus oiliúna a ghlacadh ag céim ar bith dá saoil. Tá ról reachtúil ag an Údarás rochtain, aistriú agus forchéimniú a chur chun cinn agus a éascú agus uirlis thábhachtach is ea CNC maidir le rochtain, aistriú agus forchéimniú.
Gheofar eolas breise ar Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú.
.





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.