Gluais
Rochtain
Ciallaíonn rochtain áit a fháil in instiúid oideachais nó oiliúna agus a bheith rannpháirteach i gclár oideachais nó oiliúna inti. I gcásanna áirithe ní mór critéir áirithe a chomhlíonadh sula ndeonaítear cead isteach. Samplaí is ea an riachtanas go mbeadh cáilíocht (dámhachtain), leibhéal oideachais, scileanna nó taithí oibre ar leith ag iarrthóir chun comhlacht dámhachtana a shásamh.
Ailínithe
Is féidir cáilíochtaí (dámhachtainí) ó chomhlachtaí gairmiúla agus ó chomhlachtaí dámhachtana i dtíortha eile a "ailíniú" le Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (téarma comhchosúil, ach nach bhfuil comh sainiúil céanna, is ea "aithnithe tríd an gCreatoibre"). Mar shampla, tá roinnt dámhachtainí a dhéanann comhlachtaí dámhachtana sa RA in Éirinn, ar nós dámhachtainí City and Guilds, agus Open University, ailínithe leis an gCreatoibre.
Dámhachtain
Bronnann comhlacht dámhachtana dámhachtain ort nuair a bhíonn clár staidéir tugtha chun críche go rathúil agat. Sampla de dhámhachtain is ea Céim Bhaitsiléara Onóracha.
Cineálacha Dámhachtainí
Catagóir de dhámhachtainí ainmnithe is ea cineálacha dámhachtainí a bhfuil gnéithe acu i bpáirt agus atá ar an leibhéal céanna de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (CNC). Sampla de chineálacha dámhachtainí is ea: Teastas Sóisearach (Leibhéal 3 de CNC), Ardteastas (Leibhéal 6 de CNC), agus Céim Bhaitsiléara Onóracha (Leibhéal 8 de CNC). Sé cinn déag de chineálacha mórdhámhachtainí atá i gCNC. Féadfaidh cineálacha dámhachtainí meascán de chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta a léiriú atá neamhspleách ar aon réimse foghlama ar leith.
Bologna
Comhaontú deonach is ea próiseas Bologna a bhfuil 46 tír (idir thíortha an AE agus thíortha nach iad) bainteach leis i láthair na huaire. Laistigh den AE, féachann Próiseas Bologna le Ceantar Ardoideachais Eorpach a chruthú faoin mbliain 2010. Chuige sin, cuireadh Creat um Cheantar Ardoideachais Eorpach nó 'Creat Bologna' i gcrích chun córas trí thimthriall (baitsiléir/máistir/dochtúir) a thabhairt isteach Déanfaidh an córas seo aithint cáilíochtaí (dámhachtainí) níos fusa, ionas go mbeidh ar chumas saoránach taisteal idir thíortha chun críocha fostaíochta nó chun staidéar breise a dhéanamh. Ar deireadh thiar, fíoróidh gach ballstát comhoiriúnacht a gcreatoibre cáilíochtaí féin le Creat Bologna. Thug Éire an próiseas fíoraithe seo chun críche sa bhliain 2006.
Creidiúint: Córas na hEorpa um Aistriú agus Carnadh Creidiúintí (ECTS)
Bealach córasach is ea córas creidiúintí chun cur síos a dhéanamh ar chlár oideachais trí chreidiúintí a cheangal dá chomhpháirteanna. Féadfaidh sainmhíniú creidiúintí i gcórais ardoideachais a bheith bunaithe ar pharaméadair dhifriúla, mar shampla riar oibre na mac léinn, torthaí foghlama agus uaireanta teagmhála. Gheofar eolas breise ach cliceáil anseo.
Uirlis is ea Córas na hEorpa um Aistriú agus Carnadh Creidiúintí (ECTS) a chumasaíonn do mhic léinn creidiúintí a bhailiú le haghaidh foghlaim a ghnóthaítear tríd an ardoideachas. Córas foghlaimeoir-lárnaithe is ea ECTS a bhronnann 60 cinn de chreidiúintí ECTS ar riar oibre bliana d'fhoghlaim lánaimseartha (bliain acadúil) agus na torthaí foghlama a ghabhann léi.
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT)
Comhlacht aitheanta dámhachtana ardoideachais in Éirinn is ea Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) a bhfuil sé d’údarás aici a dámhachtainí féin a dhéanamh ag Leibhéil 6-10 den Chreatoibre. Eolas breise ar www.dit.ie
An Creat Cáilíochtaí Eorpach (EQF)
Creat uileghabhálach cáilíochtaí is ea an Creat Cáilíochtaí Eorpach um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil a nascann córais cháilíochtaí tíortha difriúla, agus a ghníomhaíonn mar ghléas aistriúcháin chun cáilíochtaí a dhéanamh níos soléite agus níos sothuigthe ar fud thíortha agus chórais na hEorpa. Clúdaíonn sé raon iomlán na foghlama ó Leibhéal 1 go Leibhéal 10 ar an gCreatoibre.
Is é an Creatoibre an uirlis thagartha is tábhachtaí i gconaí do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí acu.
FETAC
Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) (www.fetac.ie) an comhlacht aonair náisiúnta dámhachtana don bhreisoideachas agus don bhreisoiliúint in Éirinn. Áirítear dámhachtainí a dhéanann FETAC sa Chreatoibre ó leibhéil 1-6. Ní chuireann FETAC féin cláir foghlama ar fáil; comhlachtaí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha oideachais agus oiliúna is ea a sholáthraíonn na cláir.
HETAC
Comhlacht náisiúnta dámhachtana na hearnála ardoideachais agus oiliúna is ea Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna. Gníomhaireacht dhearbhaithe cáilíochta is ea í chomh maith le haghaidh na nInstitiúidí Teicneolaíochta, (seachas Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT)) agus le haghaidh soláthraithe eile ardoideachais agus oiliúna lasmuigh d'earnáil na n-ollscoileanna. Áirítear a dámhachtainí i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí ó leibhéil 6 go 10.
San Áireamh
Áirítear dámhachtainí (cáilíochtaí) arna ndéanamh ag comhlachtaí dámhachtana Éireannacha a bhfuil bonn reachtúil fúthu agus atá ceaptha chun go n-áireofar leo na gnéithe agus na torthaí foghlama a shamhlaítear leis an gCreatoibre, ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (téarma comhchosúil, nach bhfuil chomh sainiúil, is ea "a aithnítear tríd an gCreatoibre"). Mar shampla áirítear ar an gCreatoibre i láthair na huaire dámhachtainí a dhéanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit (le haghaidh scoileanna), FETAC, HETAC, DIT agus ollscoileanna na hÉireann.
Institiúídí Teicneolaíochta (IOT)
Ainmníodh na hInstitiúidí Teicneolaíochta faoi reachtaíocht Stáit. Soláthraíonn siad cláir as a dtagann dámhachtainí ag leibhéil 6-10 den Chreatoibre. Déanann na hInstitiúidí Teicneolaíochta a gcuid dámhachtainí féin ag leibhéil shonraithe faoi údarás tarmligthe ó HETAC. Gheofar liosta na nInstitiúidí Teicneolaíochta bealach an nasc seo a leanas:
http://www.education.ie/servlet/blobservlet/he_institutions_list.htm
Foghlaim: Foghlaim Fhoirmiúil
Tarlaíonn foghlaim fhoirmeálta trí chláir oideachais nó oiliúna arna seachadadh ag soláthraithe oideachais agus oiliúna. Measúnaítear í agus féadfar dámhachtainí a ghnóthú dá barr.
Foghlaim: Foghlaim Neamhfhoirmeálta:
Foghlaim a ghnóthaítear ó thaithí saoil agus oibre, ar a dtugtar foghlaim ó thaithí chomh maith. Go minic is foghlaim í a tharlaíonn i ngan fhios don duine agus seans nach n-aithneodh an foghlaimeoir tráth ghnóthú na taithí gur chuir sé lena c(h)uid eolais, scileanna agus inniúlachtaí.
Foghlaim: Foghlaim Mífhoirmeálta
Foghlaim a ghnóthaítear le hais na gcórais phríomhshrutha oideachais agus oiliúina. Féadfar í a mheasúnú agus ní gnách teastasú foirmeálta a fháil ar a son. Seo samplaí d’fhoghlaim mífhoirmeálta: gníomhaíochtaí foghlama agus oiliúna a dhéantar san ionad oibre, san earnáil dheonach nó foghlaim mar bhall de cheardchumann nó de phobal.
Torthaí Foghlama
Déanann torthaí foghlama cur síos ar an méid a mheastar a bheidh ar eolas ag foghlaimeoir, an méid a thuigfidh sé nó sí agus /nó an méid a bheidh an foghlaimeoir in ann a dhéanamh ar chríoch na tréimhse foghlama. Bunaítear dámhachtainí sa Chreatoibre ar thorthaí foghlama:
Leibhéal
Deich gcinn de leibhéil atá sa Chreatoibre. Leagtar amach ag gach leibhéal raon caighdeán eolais, scile agus inniúlachta. Mar shampla, aithníonn dámhachtainí FETAC ag leibhéil 1 agus 2 den Chreatoibre bunfhoghlaim; tá an Ardteistiméireacht láithrithe ag leibhéil 4 agus 5 den Chreatoibre; agus tá Céim Bhaitsiléara Onóracha láithrithe ag Leibhéal 8 den Chreatoibre; gheofar Céim Mháistreachta ag Leibhéal 9 den Chreatoibre.
Foghlaim ar Feadh an tSaoil
Áirítear ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil gníomhaíochtaí uile foghlama an duine le linn a s(h)aoil. Aithnítear sa téarma nach cuid den óige amháin nó rud a bhaineann leis an seomra ranga amháin an fhoghlaim, ach go mbíonn foghlaim ar bun ar feadh an tsaoil agus i mórchuid suíomhanna. Ní amháin go gcuireann sí cuimsiú sóisialta, saoránacht ghníomhach agus forás pearsanta chun cinn ach cothaíonn sí iomaíochas agus infhostaitheacht chomh maith.
Comhlachtaí Dámhachtana Náisiúnta
Comhlacht dámhachtana is ea foras náisiúnta a bhfuil sé de chumhacht aige cáilíocht (dámhachtain) a bhronnadh ort ar son do chuid foghlama. Tá sé cinn de chomhlachtaí náisiúnta dámhachtana a bhfuil dámhachtainí dá gcuid acu láithrithe sa Chreatoibre. Ach tá mórchuid comhlachtaí dámhachtana eile ann ar nós comhlachtaí gairmiúla nó comhlachtaí dámhachtana na RA a bhfuil dámhachtainí acu sa Chreatoibre.
Láithrithe
Is iomaí dámhachtain (cáilíocht) a bhí ann roimh an Chreatoibre a “láithríodh” ó shin ar an gCreatoibre. D’fhéadfadh sé nach ndearnadh cur síos ar na dámhachtainí seo i dtéarmaí torthaí foghlama nó nach bhfuil siad ar aon dul le dámhachtainí reatha sa Chreatoibre. Tá sé tábhachtach, más ea, go n-aithneofar luach na ndámhachtainí seo ar son shealbhóirí na ndámhachtainí seo (téarma comhchosúil ach nach bhfuil chomh sainiúil is ea “arna aithint tríd an gCreatoibre”). Mar shampla d’fhéadfadh an Teastas Náisiúnta Scile agus an Dioplóma Náisiúnta a bheith láithrithe ar an gCreatoibre.
Clár Oideachais agus Oiliúna
Ciallaíonn clár (oideachais agus oiliúna) aon phróiseas faoin bhféadfadh foghlaimeoirí eolas, scil nó inniúlacht a ghnóthú agus áirítear air cúrsaí staidéir nó teagaisc, printíseachtaí, oiliúint agus fostaíocht.
Forchéimniú
An próiseas faoinar féidir le foghlaimeoirí aistriú ó chlár amháin oideachais agus oiliúna go clár eile sa chás gur clár é is airde ó thaobh leibhéal acadúla de ná an clár a ghabh roimhe.
QualifaX
Bunachar Sonraí Náisiúnta na bhFoghlaimeoirí is ea QualifaX. Is í seo an fhoinse eolais is cuimsithí ar na cúrsaí atá ar fáil i ngach cineál foghlama. Táscaire soiléir de leibhéal cúrsaí as a dtagann dámhachtainí a aithnítear tríd an gCreatoibre is ea leibhéal an Chreatoibre. Tá raon uirlisí úsáideacha gaolmhar ann chomh maith a chabhróidh leat cinntí eolasacha a dhéanamh mar gheall ar do roghanna oideachais agus oiliúna. Tabhairt cuairt ar láithreán Gréasáin QualifaX (www.qualifax.ie)Cáilíocht
Cáilíocht is ea dámhachtain atá gnóthaithe ag duine aonair mar thoradh ar thréimhse fhoirmeálta oideachais nó oiliúna. Mar sin tugtar le fios nuair a fhaightear cáilíocht oideachais gur tugadh cúrsa oiliúna nó oideachais chun críche go rathúil.
Aitheantas
Seo an próiseas faoinar féidir le sealbhóirí cáilíochtaí eachtrannacha a ndámhachtain a chur i gcomparáid le leibhéal ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí in Éirinn. Ciallaíonn aitheantas do cháilíocht eachtrannach gur féidir é a thuiscint i gcomparáid le cáilíochtaí Éireannacha; is cabhair í sin don sealbhóir nuair a bhíonn fostaíocht nó áit ar chúrsa oideachais á lorg aige nó aici in Éirinn.
Aitheantas d’Fhoghlaim Roimh Ré
Aitheantas d’fhoghlaim a tharla roimh ré, ach nár measúnaíodh nó nár tomhasadh, b'fhéidir. D'fhéadfaí foghlaim roimh ré mar í a fháil ar bhealaí foirmeálta, neamhfhoirmeálta nó mífhoirmeálta.
Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC)
Eagraíocht faoi scáth na Roinne Oideachais agus Eolaíochta is ea Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Tá sí freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus teastasú scrúduithe scoile na hÉireann agus orthu sin tá an Teastas Sóisearach ag Leibhéal 3 den Chreatoibre agus an Ardteitiméireacht ag Leibhéil 4 agus 5 den Chreatoibre.
An próiseas faoinar féidir le foghlaimeoirí aistriú ó chlár amháin oideachais agus oiliúna go clár eile tar éis aitheantas a fháil don eolas, don scil nó don inniúlacht a gnóthaíodh.
Ollscoil
Institiúid is ea ollscoil a thairgeann cláir ardoideachais as a ghnóthaítear cáilíochtaí a aithníodh trí Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.
Siar go Barr





The National Qualifications Authority of Ireland is firmly committed to protecting the environment by better understanding and reducing the environmental impact of our business operations through pro-active environmental policies. The Authority is determined to minimise any adverse impacts as a result of its business. In addition, the Authority also strives to review environmental practices to ensure their continued relevance and will set specific improvement targets, monitor progress and communicate results internally.