You are here: Abhaile > Foghlaimeoir

Foghlaimeoir

Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí ceaptha chun tusa, an foghlaimeoir, a lonnú i gceartlár an chórais oideachais agus oiliúna in Éirinn. Tá sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas faoin NFQ, go dtuigfeá an bhaint atá aige leatsa, agus na buntáistí a ghabhann leis.

Aibhsíonn an chuid seo den suíomh gréasáin gnéithe a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil duitse mar fhoghlaimeoir. B’fhiú duit chomh maith, b’fhéidir, tuilleadh eolais a lorg ón nasc An Creatoibre á Chur I nGníomh ar clé.

 

 

 

Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí: Ó thaobh an fhoghlaimeora

Soláthraíonn an NFQ struchtúr (creatoibre) chun comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir leibhéal agus caighdeán cáilíochtaí difriúla. Cabhróidh sé sin leat cinntí eolasacha a dhéanamh mar gheall ar cé na cáilíochtaí a roghnóidh tú agus cad iad na deiseanna forchéimnithe a bheidh ar fáil duit. A bhuíochas ar an NFQ beidh sé níos fusa ort do chuidse cáilíochtaí nó an réimse staidéir atá idir lámha agat a mhíniú do dhaoine eile.  Bíonn sé sin an-tábhachtach nuair a bhíonn tú ag smaoineamh ar staidéar breise a dhéanamh nó ag cur isteach ar phost – sa bhaile nó thar lear.  

 

Mar fhoghlaimeoir, ní mór duit a bheith ar an eolas mar gheall ar na príomhcheisteanna ar cheart a chur chun cáilíochtaí atá mar chuid den NFQ a aithint.  Ba cheart an t-eolas sin a úsáid mar bhonn le cinntí a dhéanfaidh tú i dtaobh cúrsaí oideachais agus oiliúna don todhchaí.

Córas deich leibhéal is ea an NFQ mar a fheicfear ón learáid feain thuas.  Tá sé bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta agus cuimsítear ann dámhachtainí a dhéantar le haghaidh gach cineál foghlama, is cuma cá fhaightear é.  Tá cáilíochtaí scoile a dhámhann Coimisiún na Scrúduithe Stáit, cáilíochtaí breisoideachais agus oiliúna arna ndámh ag FETAC agus cáilíochtaí ardoideachais agus oiliúna arna ndámh ag HETACDIT, Institiúidí Teicneolaíochta agus na hOllscoileanna ar fad cuimsithe sa Chreatoibre.

Cáilíochtaí atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta is ea na cáilíochtaí san NFQ. Ciallaíonn sin gur féidir leatsa, an foghlaimeoir, a bheith muiníneach go n-athbhreithnítear do chúrsa agus an institiúid ag a bhfuil tú ag staidéar, ar bhonn leanúnach. Tá dearbhú cáilíochta ceaptha le cinntiú go mbíonn ag gach foghlaimeoir eispéireas foghlama ardchaighdeáin beag beann ar cá háit a bhfuil siad ag staidéar.

Gnéithe fíorthábhachtacha ó thaobh an fhoghlaimeora de is ea diminsin Eorpacha agus idirnáisiúnta an NFQ. Tá líon na bhfoghlaimeoirí agus na n-oibrithe a thaistealaíonn go tíortha eile chun cúrsaí oideachais a dhéanamh nó dul isteach sa lucht saothair ann ag dul i méid an t-am ar fad.  Aithnítear gach cáilíocht san NFQ sa bhaile agus thar lear. Baintear úsáid as an NFQ chun comparáid a dhéanamh idir cáilíochtaí na hÉireann agus cáilíochtaí eachtrannacha, agus sa cháil sin is uirlis mhórluachmhar é do shaoránaigh Éireannacha ar mian leo úsáid a bhaint as a gcáilíochtaí Éireannacha thar lear. Lena chois sin, is féidir le foghlaimeoirí nó oibrithe a thaistealaíonn go hÉireann agus cáilíochtaí acu a gnóthaíodh thar lear leas a bhaint as an NFQ chun aitheantas a fháil do na cáilíochtaí sin. Forbairtí tábhachtacha sa mhéid sin ab ea bunú thionscnamh Europass ar fud na hEorpa agus na seirbhíse Aithint Cáilíochtaí.

Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí i bhfeidhm ó 2003 i leith. Féadfaidh tú eolas breise a chuardach sna Ceisteanna Coitianta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na leathanaigh seo a leanas: Mar gheall ar an gCreatoibre agus Foilseacháin agus Acmhainní.

Déan teagmháil linn ar an bhfón nó le ríomhphost má tá aon cheist eile agat.

 

 

 

National Development Plan
Ráiteas Inrochtaineachta | Cóipcheart & Séanadh | Beartas Príobháide | www.nqai.ie
All information © 2009 National Framework of Qualifications. All rights reserved. Email us: info@nqai.ie
Funded by the Irish Government under the National Development Plan, 2007-2013