Beartas Príobháide
Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháide Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann maidir leis an láithreán Gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháide de chuid láithreán Gréasáin eile. Tá aon naisc sheachtracha le láithreáin Ghréasain eile soaitheanta go soiléir mar naisc dá sórt.
Tá meas ag an Údarás ar chearta úsáideoirí agus de ghnáth ní bhailítear eolas pearsanta d’aon chineál. I gcás go soláthraíonn úsáideoir eolas pearsanta go deonach, mar shampla nuair a bhíonn ceist á chur le ríomhphost ar an Údarás ní úsáidfimid an t-eolas sin ach mar is gá chun freagra a thabhairt. Ní stórálfar an t-eolas. Ní chuirtear eolas a fhaightear ar an tslí seo ar fáil do thríú páirtithe, agus ní úsáidfidh an tÚdarás é ach de réir na cuspóra dá gcuirtear ar fáil é.
Tá meas ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann ar do chearta ar phríobháide, agus ní bhaileofar aon eolas pearsanta mar gheall ort ar an láithreán Gréasáin seo gan do chead soiléir. Caithfear le haon eolas pearsanta a thugann tú go deonach don Údarás faoi na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go hiomlán de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.
Bailiú agus Úsáid Eolais Theicniúil
Ní bhaineann an láithreán Gréasáin úsáid as fianáin. Logálann an soláthraí seirbhíse Idirlín seo againne sonraí teicniúla maidir le cuairteanna ar an láithrean Gréasáin seo chun críocha staitistiúla an Údaráis. Ní bhailítear eolas ar bith a d’fhéadfaí a úsáid chun cuairteoirí ar an láithreán Gréasáin a shainaithint. Ní logáiltear ach na míreanna teicniúla seo a leanas:
- seoladh IP fhreastalaí Gréasáin an chuairteora
- an t-ainm fearainn barrleibhéil óna bhfaigheann tú teacht ar an Idirlíon
- an leathanach comhaid ar a d’fhéach an cuairteoir
- an dáta agus an t-am ar a féachadh ar láithreán Gréasáin an Údaráis
- an córas oibriúcháin a d’úsáid an cuairteoir ar an láithreán Gréasáin
Ní dhéanfaidh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann aon iarracht cuairteoir aonair a shainaithint, nó sonraí teicniúla a liostaítear thuas a ghaolú le duine ar bith. Is é beartas an Údaráis gan aon eolas teicniúil maidir le cuairteoirí aonair ar an láithreán Gréasáin a nochtadh riamh le haon tríú páirtí (seachas ár soláthraí seirbhíse Idirlín, a thaifeadann na sonraí sin ar ár son agus atá faoi cheanglas ag forálacha rúndachta maidir leis sin), ach amháin má bhíonn oibleagáid dlí orainn an t-eolas sin a nochtadh. Is é Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann amháin a bhainfidh úsáid as an eolas teicniúil seo, agus chun críocha staitistiúla agus riaracháin amháin. Ba cheart duit a thabhairt ar aird nach gcuimsíonn sonraí teicniúla, nach féidir linn a ghaolú le haon duine inaitheanta, “sonraí pearsanta” chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.
Ceart Rochtana
Faoi alt 6 de na hAchtanna tá ceart ag duine ar chóip a fháil dá s(h)onraí pearsanta. Faoi na hAchtanna, ba cheart Iarratas Rochtana Duine a dhéanamh i scríbhinn agus tabharfar freagra air laistigh de 40 lá féilire. Glacfaimid le hiarratas le ríomhphost nó i scríbhinn agus ba cheart comhartha aitheantais a chur leis. Níl aon táille i gceist.
Ceart ceartaithe nó scriosta:
Faoi alt 6 de na hAchtanna, tá ceart ag duine go gceartófaí a s(h)onraí pearsanta má tá siad neamhchruinn. Níl ghearrtar aon táille chun an t-iarratas seo a chomhlíonadh agus comhlíonfar é laistigh de 40 lá féilire ó fháil an iarratais.
Sonraí Teagmhála
Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an duine thíos maidir le haon cheist a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ar láithreán Gréasáin an Údaráis:
Celine Kelly
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann
An 5ú Urlár, Áras Jervis
Sráid Jervis
Baile Átha Cliath 1
Rphost: ckelly@nqai.ie
Teileafón: 8871500
Facs: 8871595



