Sholáthraithe
Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ) i bhfeidhm ó 2003 i leith. Ceapadh an NFQ ar mhaithe le forbairt, aithint agus dámhachtain cáilíochtaí bunaithe ar chaighdeáin eolais, scile agus inniúlachta a bhí gnóthaithe ag foghlaimeoirí. Deich gcinn de leibhéil atá sa Chreatoibre, ó fhoghlaim bhunúsach go dámhachtainí Dochtúireachta. Chífear as sin gur dearadh é chun gach cineál oideachais agus oiliúna a chuimsiú ann, beag beann ar cá bhfuarthas é.
Cad is soláthraí ann?
Mínítear soláthraí (de chlár oideachais agus oiliúna) mar dhuine nó eagraíocht a sholáthraíonn, a eagraíonn agus a thugann chun críche clár oideachais agus oiliúna.
D’fhéadfá féin a bheith i do sholáthraí. D’fhéadfadh sé go n-oibríonn tú do sholáthraí, nó d’fhéadfá bheith ag smaoineamh ar bheith i do sholáthraí. Aibhsíonn an chuid seo den suíomh gréasáin gnéithe a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil duitse mar sholáthraí. B’fhéidir gur mhaith leat tuilleadh a fháil amach ar an nasc An Cretoibreá chur i nGníomh ar clé.
An NFQ: Ó thaobh an tsoláthraí
Tá bunús reachtach faoi Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Bunaíodh trí chomhlacht nua faoin reachtaíocht seo. Tá cúram ar Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann as forbairt an Chreata Oibre agus a chur chun feidhme a threorú. Déanann FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) dámhachtainí ag leibhéil 1 go 6 den Chreatoibre. Déanann HETAC (Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna) ag leibhéil 6 go 10 den Chreatoibre. Cuimsítear dámhachtainí arna ndéanamh ag sna scoileanna, sna hollscoileanna agus in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath sa Chreatoibre chomh maith. Lena chois sin, ailíníodh roinnt dámhachtainí leis an gCreatoibre, mar shampla dámhachtainí arna ndéanamh ag roinnt comhlachtaí dámhachtana sa RA.
Buntáistí do sholáthraithe
Is mór is fiú é do sholáthraithe clár (cúrsaí) a sholáthar as a leanann cáilíochtaí a aithnítear sa Chreatoibre. Príomhphrionsabal de chuid an NFQ is ea dearbhú cáilíochta. Dearbhaítear cáilíocht gach cáilíochta oideachais agus oiliúna a aithnítear tríd an gCreatoibre.
- Ach cláir a thairiscint as a leanann na dámhachtainí seo, cuireann tú cáilíocht do chuid clár oideachais agus oiliúna in iúl don saol mór sa bhaile agus i gcéin.
- Ach tagairt chruinn a dhéanamh don Chreatoibre agus do chláir oideachais agus oiliúna a chur chun cinn agat, beidh tú ag cabhrú le foghlaimeoirí anois agus feasta roghanna eolasacha a dhéanamh mar gheall ar stádas na gclár a thairgeann tú.
- Ach eolas a sholáthar ar éagsúlacht na ndeiseanna iontrála agus forchéimnithe i gcás do chlár féin, méadaíonn tú do chumas foghlaimeoirí a mhealladh agus a choimeád.
Treoir maidir le Tagairtí do Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí
Tá treoir curtha i dtoll a chéile chun cabhrú le soláthraithe ardoideachais agus oiliúna tagairt a dhéanamh don Chreatoibre in ábhair mhargaíochta agus tionscnaimh. I do cháil mar sholáthraí oideachais nó oiliúna, féachann an treoir seo le míniú simplí a sholáthar duit ar conas tagairt a dhéanamh don Chreatoibre, agus eolas tábhachtach a chur ar fáil do fhoghlaimeoirí atá anois agat agus foghlaimeoirí féideartha maidir leis na hathruithe a rinneadh le deireanas ar chóras na gcáilíochtaí in Éirinn.
Creidiúnú
Ba cheart do sholáthraithe atá ag lorg creidiúnaithe ó chomhlacht dámhachtana iarratas ceist a chur ar an gcomhlacht dámhachtana sin mar gheall ar bheartais agus nósanna imeachta ar leith dearbhaithe cáilíochta.
Tá an t-eolas seo a leanas curtha ar fáil ag FETAC do sholáthraithe:
Treoir maidir le heolas d’fhoghlaimeoirí
Gheofar eolas ó HETAC do sholáthraithe anseo.
I measc na gcomhlachtaí dámhachtana Éireannacha eile tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT), agus na hollscoileanna. Le cois na gcomhlachtaí dámhachtana Éireannacha a luaitear thuas, tá dámhachtainí ailínithe ag roinnt comhlachtaí dámhachtana RA le CNC. Dámhachtainí iad seo a sholáthraítear in Éirinn. Gheofar sonraí breise agus liosta na ndámhachtainí seo ach cliceáil anseo.
Tá Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí i bhfeidhm ó 2003 i leith. Féadfaidh tú eolas breise a chuardach sna Ceisteanna Coitianta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na leathanaigh seo a leanas: Mar gheall ar an gCreatoibre agus Foilseacháin agus Acmhainní.
Déan teagmháil linn ar an bhfón nó le ríomhphost má tá aon cheist eile agat.




